Junior Eurovision 2026

Ceol

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá Louise Cantillon sa tóir ar réaltaí óga ar fud na tíre. As na céadta iarratas, cé hiad an deichniúr a gheobhaidh áit sa stiúideo agus deis dul ar aghaidh i dtreo Junior Eurovision 2026?

Béarla G

Babhta Ceannais

Eipeasóid 5

S10 E5 49m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais agus tá an babhta ceannais buailte linn! Níl fágtha ach triúir ó na céadta a chur isteach ar an gcomórtas ach cé a bheidh ag canadh ar ardán mór an Junior Eurovision i mbliana? Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, agus laoch ón Eurovision Linda Martin,a bheidh an cinneadh sin! Beidh a fhios againn ag deireadh an chláir cé a bheidh ag canadh d'Éire ag Junior Eurovision 2026!

Junior Eurovision 2026

Eipeasóid 4

S10 E4 50m

Tá sé in am don bhabhta leathcheannais! Ní fada anois go mbeidh a fhios againn cé a bheidh ag dul ar aghaidh chun casadh ar son na hÉireann don Junior Eurovision. Is iad Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Zena Donnelly, a chas sa Junior Eurovision i Málta deich mbliana ó shin, a bheidh i mbun moltóireachta.

Junior Eurovision 2026

Eipeasóid 3

S10 E3 50m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Níl ach ochtar fágtha as na céadta a chur isteach ar an gcomórtas agus tá an iomaíocht atá ag éirí níos déine! Cé a roghnófar chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision? Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, agus Mickey Joe Harte an cinneadh sin a dhéanamh.

Junior Eurovision 2026

Eipeasóid 2

S10 E2 50m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Cuirfidh na céadta amhránaithe isteach ar an gcomórtas agus roghnóidh na moltóirí deichniúr chun dul san iomaíocht. Ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest!

Junior Eurovision 2026

Eipeasóid 1

S10 E1 50m

Tá JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar ais! Tá na céadta iarratas tagtha isteach ó gach cearn den tír agus tá Louise Cantillon sa tóir ar an gcéad ghlúin eile de réaltaí óga. Ó ionaid siopadóireachta ar fud na hÉireann, tá na hamhránaithe ag cur a nguthanna agus a bpaisean os comhair an cheamara. Beidh cinntí deacra le déanamh ag ár moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Hugh Carr, chomh maith le haoi-mholtóirí Niamh Kavanagh, Mickey Joe Harte agus Linda Martin. Cé hiad an deichniúr a rachaidh chuig an stiúideo chun tabhairt faoin gcéad chéim eile ar a mbealach chuig Junior Eurovision 2026?