Laochra Gael

Faisnéis

Tá Laochra Gael ag filleadh ar ais ar TG4 don tochtú sraith déag. Cuirfear i láthair sé chláir úr-nua, agus seisear laochra a rinne gaisce ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta agus saolta ar leith acu ar fad. Ina measc tá Kieran Donaghy - Ciarraí, Alan Brogan - Áth Cliath, Brenda McAnespie - Muineacháin, Iggy Clarke - Gaillimh, Diarmuid Lyng - Loch Garman, David Brady - Maigh Eo.

BéarlaGaeilge 16

Conor McManus

Eipeasóid 1

S24 E1 50m

Is é Conor McManus a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár den tsraith nua. Tá McManus ar dhuine de shárpheileadóirí na linne seo agus ar cheann de na himreoirí is fearr a chaith geansaí Mhuineacháin riamh. Ba mhinic leis cúilíní iontacha a fháil nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ach is deacair aon rud a bhaint amach le cumas amháin, teastaíonn obair chrua agus íobairtí freisin rud atá le feiceáil go soiléir i scéal McManus, fear a rinne a mhíle dhícheall don chlub agus don chontae.

Cyril Farrell

Eipeasóid 2

S24 E2 49m

Tá aithne mhór ar Cyril Farrell ní amháin mar gheall an rath a bhí air ina bhainisteoir ar iománaithe na Gaillimhe sna 1980idí ach mar gheall ar a thráthúlacht ar an Sunday Game freisin. Is in 1980 a chuaigh Farrell i mbun bainistíochta ar fhoireann iomána na Gaillimhe den chéad uair, chaith sé scaitheamh ina bhainisteoir faoi dhó ina dhiaidh sin agus ghnóthaigh iománaithe na Gaillimhe trí Chraobh Uile-Éireann faoina stiúir.

Grace Walsh

Eipeasóid 3

S24 E3 50m

Tá trí Chraobh Uile-Éireann agus trí ghradam All-Star bainte amach ag Grace Walsh agus tá sí ar cheann de na himreoirí camógaíochta is fearr a d'imir do Chill Chainnigh riamh. Tá cáil mhór ar mhuintir Walsh ó thaobh cúrsaí iomána i gCill Chainnigh agus tháinig Grace i réim go tobann in 2011. Chaith sí 14 bliain ag imirt dá club agus dá contae chomh maith le bheith ag obair mar bhanaltra i mBaile Átha Cliath. Stop sí ag imirt do Chill Chainnigh in 2025.

Marty Clarke

Eipeasóid 4

S24 E4 50m

Bhí cáil bainte amach ag Marty Clarke i gCúige Uladh i bhfad sula thosaigh sé ag imirt d'fhoireann sinsir peile an Dúin. Bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann le foireann mionúir an chontae in 2005. Bhog sé go Melbourne chun peil Astrálach a imirt do Collingwood gan é ach 17. D'fhill sé ar Éirinn in 2009 agus d'imir sé ar fhoireann an Dúin a shroich Cluiche Ceannais na hÉireann in 2010, bliain a bronnadh gradam All-Star air. Chuaigh sé ar ais go dtí an Astráil in 2011 ach fuair sé amach go raibh galar Addison air rud a d'fhág nach raibh sé in ann imirt go proifisiúnta ní ba mhó. Líne Cabhrach: Addison's Self Help Group - www.addisonsdisease.org.uk/addisons-ireland

Pádraig Horan

Eipeasóid 5

S24 E5 50m

Bhí Pádraig Horan ina chaiptín ar fhoireann Uíbh Fhailí nuair a ghnóthaigh siad Craobh Iomána na hÉireann den chéad uair in 1981. Cor cinniúnach a bhí anseo do chúrsaí iomána in Uíbh Fhailí agus mairfidh cáil Horan i measc lucht spóirt an chontae go brách. Rinne Horan a mhíle dhícheall ar an bpáirc i gcónaí ach tá dúshlán taobh amuigh den pháirc imeartha le sárú aige le blianta beag anuas agus galar Parkinson ag dul dó. Líne Cabhrach: Parkinsons Ireland 1800 359359 / www.parkinsons.ie

Neil McManus

Eipeasóid 6

S24 E6 50m

Tá Neil McManus ar dhuine de na hiománaithe is cáiliúla a d'imir d'Aontroim riamh. Chaith sé os cionn deich mbliana ag imirt agus léirigh sé comhsheasmhacht agus ceannaireacht ag imirt dá chontae agus dá chlub. Bhí McManus iontach ag tógail poic shaora agus d'oibrigh sé go crua ar an bpáirc i gcónaí agus rinne sé a dhícheall an iomáint a chur chun cinn i gCúige Uladh freisin. Is iomaí imreoir óg a spreag sé agus é ag caitheamh geansaí Aontroma.

Louise Ní Mhuircheartaigh

Eipeasóid 7

S24 E7 49m

Meastar go bhfuil Louise Ní Mhuircheartaigh ar dhuine de na himreoirí is fearr a d'imir Peil na mBan riamh. Bronnadh cúig gradam All-Star uirthi agus bronnadh gradam imreoir na bliana uirthi in 2023. Is in 2024 a bhain sí barr feabhais amach nuair a bhuaigh sí Corn Brendan Martin le foireann Chiarraí. Ba é seo an chéad uair a bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann i bPeil na mBan le 31 bliain agus bhí ról lárnach aici an corn sin a bhuachan.

Kevin McManamon

Eipeasóid 8

S24 E8 50m

Bhí Kevin McManamon ar dhuine de mhór pheildeadóirí Bhaile Átha Cliath sna blianta i ndiaidh 2010. Bhain sé cáil amach in 2011 nuair a d'aimsigh sé cúl i gCluiche Ceannais na hÉireann a chabhraigh le Baile Átha Cliath Corn Sam Mhic Uidhir a thabhairt leo den chéad uair le 16 bliain. Ba mhinic McManamon teacht isteach mar ionadaí ach ní shin le rá nach mbíodh tionchar ollmhór aige ar chluichí. Tá sé fós ag plé le cúrsaí spóirt ó d'éirigh sé as an bpeil agus é ag obair le lúthchleasaithe ó thaobh síceolaíocht spóirt de.