Léirmheas Leabhar

Siamsaíocht

Sa tsraith nua seo, déanfaidh léirmheastóirí agus údair léirmheas ar leabhair Ghaeilge nua-fhoilsithe. Á chur i láthair ag Róisín Ní Ghairbhí.

BéarlaGaeilge G

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 1

S2 E1 25m

Sraith de Léirmheas Leabhar á cur i láthair ag Tristan Rosenstock. Sa chlár seo cuimhneoidh Tristan agus a chuid aíonna ar Liam Ó Muirthile a bhásaigh níos túisce i mbliana. Pléifear cinneadh an fhoilsitheora leabhar 'Cois Life' dúnadh agus déanfar léirmheas ar an leabhar 'Camino de Santiago'. Do léitheoirí óga, déanfar léirmheas ar na leabhair 'Bláithín ar an bPota' agus 'Oisín ar an bPota'.

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 2

S2 E2 24m

Tabharfaidh Tristan cuairt ar Fhéile Chlub Leabhar Chois Fharraige ar chlár na míosa seo. Casfaidh sé leis an scríbhneoir Liam Mac Cóil. Freastalóidh sé ar ócáid speisialta de chuid Imram in ómós don fhile iomráiteach Máirtín Ó Direáin.

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 3

S2 E3 23m

Na leabhair is fearr le léamh faoi Nollaig a bheidh faoi chaibidil anocht. Déanfar léirmheas ar an leabhar 'Makaronik' le Dave Duggan agus beidh Gemma Bhreathnach sa stiúideo agus moltaí aici maidir leis na leabhair Ghaeilge is fearr do ghasúir ag brath ar nithe a bhfuil suim acu iontu.

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 4

S2 E4 24m

Ar chlár na míosa seo beidh léirmheas ar na leabhair 'Tabhair Aire Duit Féin' le Ann-Marie Ireland agus Fionnuala Cloke agus 'Ó Bhéarla go Gaeilge' le hAntain Mac Lochlainn. Tabharfaidh Caitríona Uí Bhéarra léargas dúinn ar an scéim 'Scríobh Leabhar Gaeilge' do bhunscoileanna agus beidh Michelle Seoighe ó Gaelcultúr ag caint faoi clubleabhar.com agus moltaí an chlub do 'Leabhar Feabhra'.

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 5

S2 E5 24m

An leabhar 'Súil' le Eithne Ní Ghallchobhair agus na leabhair do pháistí 'Bertie Brocach' a ndéanfar léirmheas orthu an mhí seo.

Léirmheas Leabhar

Eipeasóid 6

S2 E6 24m

Ar an gclár deiridh sa tsraith, déanfaidh Tristan Rosenstock léirmheas ar an leabhar 'Gáire in Éag' agus caithfidh Róisín Ní Ghairbhí súil ar an leabhar 'Cúrsaí Staire' le Vincent Morley.