Naíonáin an Zú

SiamsaíochtFaisnéisScience/NaturalWorld/Enviromental

Sraith í seo atá bunaithe i mBeirlín. Léireofar mar a bhíonn sé ag ainmhí nuabheirthe i zú nua-aimseartha. Taispeánfar mar a dhéantar an meáchan a sheiceáil, ionacluithe agus a gcéad uair taobh amuigh.

Béarla G

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 10

S4 E10 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Tá chuile chompord ag na hainmhithe óga sa zú. Tugtar a bhuidéal do Zamuco i seomra foirne na gcoimeádaithe, tá linn ollmhór snámha ag na dobhareacha agus caitear an-mhaith go deo leis na moncaithe cochallacha!

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 9

S4 E9 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Tá gach ainmhí óg sa zú speisialta. Tarraingíonn na langúir óga agus a gcuid fionnaidh álainn oráiste neart cuairteoirí. Tá pearsantacht láidir ag an liopard óg Timang. Tá Xena, an geanón Diána, thar a bheith speisialta mar go bhfuil cead aici dul abhaile in éineacht leis an gcoimeádaí.

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 8

S4 E8 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Bíonn gach cineál ainmhí sa zú; ainmhithe mar liopard na Síne, atá beagnach imithe i léig, ach atá á phórú sa zú faoi chlár pórúcháin idirnáisiúnta agus an t-ócáipe óg i bPáirc na nAinmhithe. Tá gabhar fadchluasach agus caoirigh as an Ungáir sa zú freisin.

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 7

S4 E7 26m

Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Ag spraoi a bheidh na hainmhithe óga inniu. Beidh na diongónna óga ag spraoi in éineacht agus gheobhaidh Zamuco, an picire, agus Xena, an geanón Dhiána, neart aire ó na coimeádaithe.

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 6

S4 E6 26m

Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Is breá leis na béir dhubha Mheiriceánacha a bheith ag dreapadh sna crainn ach bíonn an-imní ar na coimeádaithe fúthu. Faigheann na dobhareacha sneaic bhlasta sa linn snámha agus tugtar buidéal do Evita, ach bíonn beirt choimeádaithe agus neart foighne ag teastáil chun an beart a dhéanamh!

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 5

S4 E5 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith i do chónaí in éineacht le hainmhithe eile. Mar shampla, níl an dá shioráf óga ag tarraingt rómhaith lena chéile agus ciallaíonn sé sin go gcaitear ceann acu a choinneáil istigh nuair a bhíonn an ceann eile amuigh. Tá na tamairíní an-sásta glacadh leis na cinn óga nuabheirthe. Tuigeann na cótaithe anois nach bhfuil sé chomh héasca sin crainn a dhreapadh.

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 4

S4 E4 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Ní mór d’ainmhithe an zú a bheith in ann seasamh ar a gcosa féin, Sina an moncaí, mar shampla. Ní mór aird a thabhairt ar rialacha an zú, rud nach dtuigeann na heilifintí fós agus ní mór dóibh a bheith go deas leis na coimeádaithe.

Naíonáin an Zú

Eipeasóid 3

S4 E3 26m

Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Bíonn sé níos deacra ar ainmhithe áirithe thairis a chéile fáil isteach ar rialacha an zú. Bíonn an-spraoi ag na heilifintí óga, céasann na capabáraí na coimeádaithe ach tá Thomas an coimeádaí ag obair in éineacht leis an ainmhí is fearr leis sa zú, an t-ócáipe.