Eipeasóid 1
S1 E1 49m
Tiocfaidh ceoltóirí agus ionstraimithe le chéile chun ceol speisialta na Nollag a cheiliúradh ar chósta an iarthair in Ard-Eaglais stairiúil na Gaillimhe. The Claddagh Choral, Galway City Chamber Choir agus a gcairde a bheidh i mbun ceolchoirme agus casfaidh siad iomainn thraidisiúnta chomh maith le hamhráin na linne seo. Le linn Covid a bunaíodh an cór seo agus is í seo a chéad cheolchoirm phoiblí acu. Beidh ceoltóirí as gach cúlra agus atá lonnaithe i nGaillimh páirteach sa chór atá faoi stiúir Stephen Carroll.