Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

Siamsaíocht

Chun Oíche Chultúir 2021 a cheiliúradh, tabharfaimid faoi chamchuairt le blaiseadh a fháil den réimse saibhir ealaíon agus cultúir atá ar fáil sna ceantair éagsúla Ghaeltachta. I measc aos dána an chláir beidh Caitlín Nic Gabhann agus í i mbun ceoil in Amharclann Ghaoth Dobhair agus Diane Ní Chanainn in éineacht le Meitheal Cholmcille; Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta ag gabháil fhoinn ar Sheanchéibh an Spidéil. Déanfaidh Fearghus Ó Conchúir rince comhaimseartha ar an gCoinigéar i Rinn Ó gCuanach agus beidh Dairena Ní Chinnéide agus Cathal Ó Searcaigh ag aithris filíochta. Tabharfar aghaidh ar Inis Bó Finne i dteannta an fhísealaíontóra Cathal Mac Fhionnghaile agus beidh dreas ceoil againn ón nglúin óg ceoltóirí atá i mbun cumadóireachta le Ensemble Mhúscraí i mBaile Bhuirne.

Béarla G

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

Eipeasóid 1

S1 E1 51m

Chun Oíche Chultúir a cheiliúradh, tabharfaimid faoi chamchuairt le blaiseadh a fháil den réimse saibhir ealaíon agus cultúir atá ar fáil sna ceantair éagsúla Ghaeltachta. I measc aos dána an chláir beidh Caitlín Nic Gabhann agus í i mbun ceoil in Amharclann Ghaoth Dobhair agus Diane Ní Chanainn in éineacht le Meitheal Cholmcille; Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta ag gabháil fhoinn ar Sheanchéibh an Spidéil. Déanfaidh Fearghus Ó Conchúir rince comhaimseartha ar an gCoinigéar i Rinn Ó gCuanach agus beidh Dairena Ní Chinnéide ag aithris filíochta. Tabharfar aghaidh ar Inis Bó Finne i dteannta an fhísealaíontóra Cathal Mac Fhionnghaile agus beidh dreas ceoil againn ón nglúin óg ceoltóirí atá i mbun cumadóireachta le Ensemble Mhúscraí i mBaile Bhuirne.