Opry le Daniel i gConnachta

Ceol

As an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh a chraolfar an tsraith seo Opry le Daniel i gConnacht. Craolfar 8 chlár bhríomhara spleodracha ceoil agus amhrán agus beidh Mary Coughlan, Brian Kennedy, Mick Flavin, Sandy Kelly, Tommy Fleming agus Sean Keane i measc a chuid aíonna. Craolfar clár speisialta freisin in ómós do Philomena Begley atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an mbóthar i mbliana.

Béarla G

Classic Country

Eipeasóid 1

S11 E1 50m

Beidh réaltaí an cheoil tíre i gcuideachta Daniel O'Donnell in amharclann an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh. Ina measc beidh Frank McCaffrey, Patrick Feeney agus Sandy Kelly.

Celtic Country

Eipeasóid 2

S11 E2 50m

Caithfidh Daniel agus a chuid aíonna speisialta Seán Keane, Cathy Jordan agus Tommy Fleming súil ar an gceangal atá idir ceol tíre agus ceol ceilteach.

New Country

Eipeasóid 3

S11 E3 50m

Réaltaí an cheoil tíre a bheidh i gcuideachta Daniel O'Donnell sa gclár seo. Beidh cuid de na hamhráin is aitheanta á gcanadh ag leithéidí The Ennis Brothers, Clodagh Lawlor agus Ailish McBride.

Contemporary Country

Eipeasóid 4

S11 E4 50m

Sa chlár seo beidh Daniel agus a chuid aíonna speisialta Chantelle Padden, Brian Kennedy agus Mary Coughlan, ag díriú ar an nasc idir ceol tíre agus ceol an lae inniu.

Amhráin Breise

Eipeasóid 6

S11 E6 50m

Casfar amhráin ar an gclár seo nár casadh sa tsraith go dtí seo. I measc na n-amhránaithe, beidh Tommy Fleming, Sean Keane, Brian Kennedy, Mary Coughlan, Chantelle Padden, Cathy Jordan agus neart eile.