Port

Ceol

Tá Port ar ais don dara tsraith. Sraith ceoil é seo a fhiosraíonn ceol na hÉireann agus ceol na hAlban.

Béarla G

An Bhriotáin

Eipeasóid 1

S4 E1 51m

Sraith ceoil á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tabharfaidh siad cuairt ar an mBriotáin chun tuilleadh eolais a fháil ar cheol traidisiúnta an réigiúin. Buailfidh siad le cairde leo a bhfuil dlúthbhaint acu leis an réigiún. Beidh an ceoltóir iomráiteach Mischa MacPherson as Albain agus Laoise Kelly as Éirinn i dteannta Julie agus Muireann agus cloisfimid ceol ó Annie Ebrel, Erik Marchand, Jean-Michel Veillon, Jacky Molard agus Sylvain Barou. Casfaidh Julie agus Muireann leis na ceoltóirí as an áit, Elouan Le Sauze & Louri Derrien, chomh maith.

Asturias

Eipeasóid 2

S4 E2 48m

Sraith nua ceoil á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tabharfaidh siad cuairt ar Asturias chun tuilleadh eolais a fháil ar cheol traidisiúnta an réigiúin. Buailfidh siad le cairde leo a bhfuil dlúthbhaint acu leis an réigiún. Beidh an ceoltóir iomráiteach Barry Kerr as Éirinn i dteannta Julie agus Mhuireann agus cloisfimid ceol ó Chus Pedro, na deartháireacha Tejedor, Xosé Ambas agus Ruben Alba. Casfaidh Julie agus Muireann leis na cócairí mór le rá Nacho agus Esther Manzano ina mbialann i Gijón, Auturias.

Galicia

Eipeasóid 3

S4 E3 49m

Sraith ceoil á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tabharfaidh siad cuairt ar Galicia agus beidh an ceoltóir Angus MacKenzie agus an ceoltóir uirlise Barry Kerr as Baile Átha Cliatha ina dteannta. Tabharfaidh siad cuairt ar chathair Santiago de Compostela chun tuilleadh eolais a fháil ar cheol traidisiúnta an réigiúin, agus casfaidh said le ceoltóirí mór le rá na Spáinne, Uxía, Anxo Lorenzo agus Susana Seivane, Xabier Díaz agus Xosé Liz ina measc. Casfaidh Julie in éineacht leis an mbanna ceoil Leilía agus tabharfaidh Julie agus Muireann cuairt ar an Mercado de Abastos.

An Braon Breise

Eipeasóid 4

S4 E4 51m

Sraith ceoil á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tabharfaidh siad cuairt ar an mBriotáin chun tuilleadh eolais a fháil ar cheol traidisiúnta an réigiúin. Buailfidh siad le cairde leo a bhfuil dlúthbhaint acu leis an réigiún. Castar an ceoltóir iomráiteach Mischa MacPherson as Albain agus Laoise Kelly as Éirinn sa mBriotáin orthu. Rachaidh siad ar thuras ceoil agus cultúir chun na Gailíse agus Asturias in éineacht le Angus MacKenzie ón Eilean Sgitheanach agus Barry Kerr as Baile Átha Cliath.