Rásaí na Gaillimhe

DrámaíochtSiamsaíocht

Sraith grinn drámaíochta faoi eachtraí agus imeachtaí a tharlaíonn le linn Rásaí na Gaillimhe, an fhéile spóirt is mó agus is mó le rá in Éirinn.

BéarlaGaeilge G

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 1

S1 E1 36m

Sraith bunaithe ar eachtraí agus ar imeachtaí a tharlaíonn le linn Rásaí na Gaillimhe. Tá deifir ar an Aire Keane agus ar a thiománaí Creed chuig na rásaí. Bíonn an traenálaí Noel Lacey ag achrann lena mharcach Liam Reilly faoin tslí le rith a bhaint as an gcapall is fearr aige. Cuireann Sinéad agus Eamonn plean i dtoll a chéile chun na fiacha móra atá orthu a ghlanadh agus faigheann an geallghlacadóir Eoin Boland faoi réir don tseachtain is gnóthaí sa bhliain.

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 2

S1 E2 36m

Dráma bunaithe ar sheachtain na rásaí. Iarrann an tAire Keane ar a thiománaí dílis Creed cabhrú leis an corp a chur sa phortach. Bíonn Noel agus a dheirfiúr Denise ag fanacht go dtiocfaidh Liam chuige féin ón titim sa chaoi is go mbeidh siad cinnte nár inis sé tada fúthu féin. Robálann muintir De Barra bialann Shíneach, agus is beag nach n-iompaíonn Aoife a bplean bun os cionn!

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 3

S1 E3 37m

Sraith drámaíochta ar eachtraí a thiteann amach le linn sheachtain na rásaí i nGaillimh. Is í Aoife anois atá i gceannas ar an bhfiosrúchán faoi bhás Liam Reilly ach tugann a fostóir an diabhal le n-ithe di. Tá Noel ag iarraidh dul chuig na rásaí agus gan aon choinne leis, buann sé an rás. Tugann bean óg, Ciara, le fios do Aoife go bhfuil a fear ar iarraidh. Tagann an coirpeach Tarrant chomh fada le Gaillimh agus é sa tóir ar mhuintir De Barra.

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 4

S1 E4 36m

Eachtraí le linn sheachtain na rásaí i nGaillimh. Lá na mBan ag na rásaí agus tagann gach uile dhuine ann chun sult a bhaint as gach a mbíonn le feiceáil! Cuireann Aoife gach uile shórt i mbaol nuair a fhéachann sí ar chomhaid de chás le Liam Reilly. Tá brú ar Noel agus deir Denise leis go n-imeoidh sí uaidh mura gcuireann sé cuma air féin. Cuireann Creed ina luí ar Keane aithne a chur ar Chiara chun a fháil amach cén t-eolas atá aici maidir leis an timpiste.

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 5

S1 E5 36m

Eachtraí le linn sheachtain na rásaí i nGaillimh. Bíonn Keane agus Creed ag iarraidh oibriú amach cé aige a bhfuil a fhios faoina rún agus mar sin cuireann Keane aithne mhaith ar Chiara Power! Faigheann Aoife amach faoi Shinéad agus cuireann sí agallamh uirthi faoin oíche ar bhásaigh Liam. Cloiseann Noel drochscéala ag sochraid Liam agus bíonn sé réidh le héalú ach ní ligfidh a dheirfiúr Denise cead dó imeacht agus í a fhágáil léi féin.

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 6

S1 E6 34m

Eachtraí le linn sheachtain rásaí na Gaillimhe. Téann Aoife agus Dave le hagallamh a chur ar Noel Lacey ach aimsíonn siad rud éigin uafásach. Cuirtear Aoife chuig seicphointe in áit iargúlta áit a gcastar Creed uirthi chomh maith le muintir De Barra i gcarr goidte agus tagann sí ar chorp sa phortach.

Rásaí na Gaillimhe

Eipeasóid 7

S1 E7 33m

Eachtraí le linn sheachtain na rásaí i nGaillimh. An clár deiridh den tsraith. Tagann Aoife ar fhianaise in aice le corp Rory Halpin. Nuair a théann muintir De Barra le teach Eoin Boland a robáil baintear geit astu! Nuair a fheiceann Aoife an tAire Keane ag an Óstán tuigeann sí ansin an méid atá ag tarlú. Castar Keane agus Creed, muintir De Barra agus Boland ar Aoife ag na rásaí agus bíonn sí ag iarraidh iad uilig a ghabháil ansin láithreach.