Rásaí na Gaillimhe 2

DrámaíochtSiamsaíocht

Sraith grinn drámaíochta faoi eachtraí agus imeachtaí a tharlaíonn le linn Rásaí na Gaillimhe, an fhéile spóirt is mó agus is mó le rá in Éirinn.

Béarla PG

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 7

S2 E7 37m

Casann Keane le Aidan, an feallmharfóir a d’fhostaigh sé le Frank a mharú. Tá Aidan ag ceapadh gurb é Keane atá le marú aige. Bíonn an t-ádh ar Keane nuair a chaitheann Aidan é féin sa chos. Beidh náire an domhain ar Frank má scaoiltear an méid atá le feiceáil ar ghuthán Stan amach ag an bpobal. Is faoi Creed atá sé an guthán a fháil ar ais.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 6

S2 E6 37m

Tá Harris ag iarraidh ar na gardaí é a chosaint agus tá duine aimsithe ag Tommy lena tháirge nua a cheannach. Roghnaíonn muintir De Barra uaigh do Paula ach gur mb’fhéidir gur mó imní a cheart a bheith orthu faoina gcuid socruithe sochraide féin mar go bhfuil coir a rinne siad fadó tagtha rompu.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 5

S2 E5 36m

Meallann Gráinne, an bhean atá geallta leis an Taoiseach, Creed agus fostaíonn Keane feallmharfóir nach bhfuil mórán meabhrach ann agus nach bhfuil in ann an méid atá sé ceaptha a dhéanamh a dhéanamh.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 4

S2 E4 39m

Déantar luíochán ar Frank agus tagann Harris, a bhfuil fonn díoltais air, suas le muintir De Barra.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 3

S2 E3 39m

Bíonn sé ina chaitheamh agus ina réabadh agus tá Siobhán agus muintir de Barra ina cheartlár. Is dona a théann an spraoi do Keane mar go gcuirtear duine éigin den saol dá bharr.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 2

S2 E2 37m

Tagann Creed roimh na bpleananna a bhí ag Keane ach faraor faigheann an t-iriseoir Hanly eolas ar a raibh ar bun. Tá duine éigin ag cur as do Harris agus tá deartháir Shiobháin ag cur as dise. Tá na deartháireacha de Barra ligthe amach as an bpríosún a bhuíochas sin dá ndeartháir eile Oisín ach ní mó ná sásta atá siad go gcaithfidh siad dul ar ais go Gaillimh.

Rásaí na Gaillimhe 2

Eipeasóid 1

S2 E1 38m

Féachann an cúlbhinseoir Keane len é féin a chur chun cinn arís i saol na polaitíochta ag Rásaí na Gaillimhe. Cuireann an tArd-Cheannfort Harte a húdarás in iúl do choirpigh na Gaillimhe.