Róise & Frank

Drámaíocht

Fadscannáin gaeilge léirithe faoi scéim Cine4.

BéarlaGaeilge G

Róise & Frank

Eipeasóid 1

S1 E1 1h 20m

Scannán Gaeilge a bhfuil gradam buaite aige faoi bhean a chreideann go bhfuil a fear céile atá básaithe tar éis teacht ar ais ina mhadra. Tá Róise maraithe le huaigneas i gcónaí i ndiaidh Frank, a fear céile a bhásaigh dhá bhliain ó shin. Nuair a thagann madra chuig an teach a bhfuil an-tóir aige ar spórt agus ar stéig agus ar chathaoir áirithe sa teach, seanchathaoir Frank, tá sí cinnte gurb é Frank é atá tagtha ar ais arís ina mhadra! Tá a mac ag ceapadh go bhfuil sí ag cailleadh na meabhrach ach ní fada go dtosaíonn an pobal á chreidiúint freisin!