S1 E3 24m
Tá ríméad ar Ella agus a cairde go bhfuil Barra de Barra, réalta meán sóisialta, ag teacht go Maigh Rua! An éireoidh leo é a fheiceáil nó an gcuirfidh Saorla rudaí in aer? Tá imní ar Ella go bhfuil suim ag Josh i gcailín eile. Céard faoin bpóg? Tá Liam ag iarraidh cúpla euro a saothrú dó féin agus iarrann sé airgead ar na Gaeilgeoirí chun cluiche a imirt. Ach an mbeidh drochdheireadh ar an scéal? Tá Gearóidín faoi bhrú ó tharla go mbeidh an scannán le taispeáint. An éireoidh leis an oíche nó an dtitfidh gach rud as a chéile?
06 Bealtaine 2023