S2 E3 25m
Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Is í Virtue Shine as Gána ó dhúchas a bheidh ina aoi-mholtóir an tseachtain seo agus beidh draíocht na hAfraice le brath sa stiúideo. Beidh na hiarrthóirí ag dearadh feisteas a d'fhéadfaí a chaitheamh chuig an bhféile Afrocella. Ní foláir don fheisteas a bheith dathúil, geal agus cultúr na hAfraice a chur in iúl.
Béarla
28 Eanáir 2026