Téacs Taistil

Siamsaíocht

Is sraith taistil í seo a ghluaiseann ar aghaidh go sciobtha, ag taispeáint bealach tarraingteach chun an domhan a fheiceáil. Triúr láithreoirí, trí lá, trí thasc - agus saoire bheag dhifriúil gach seachtain.

Béarla 15A

Toronto

Eipeasóid 1

S4 E1 51m

Tá Téacs Taistil ar ais agus is sraith spleodrach í an tsraith seo! Tugann na taistealaithe aghaidh ar chathair bhríomhar ilchultúrtha Toronto sa gclár seo. Téann Louise chuig an gCeantar Síneach chun fáil amach le haghaidh domplagáin a dhéanamh. Tugann Proinsias cuairt ar The Men's Room Barbershop chun cúrsaí Bróid a cheiliúradh agus tugann Séaghan blaiseadh de bhia na hÉireann do lucht an George Street Diner. Is ar ndóigh ní fhéadfaí dul chomh fada le Toronta gan Easanna Niagara a fheiceáil. Soilse na cathrach, daoine cairdiúla agus eas mór millteach - anois céard a dearfá le Toronto?

Doire

Eipeasóid 2

S4 E2 50m

An tseachtain seo, níl ár dtriúr taistealaithe cróga ag dul i bhfad ón mbaile. Tá siad ag dul go Doire, cathair atá tumtha i stair, i ngreann agus i gcroí. Óna ballaí cáiliúla go dtí an Droichead Síochána íocónach, tá Doire lán le ceol agus scéalta, go háirithe le linn na Féile Snagcheoil. Tugann Louise faoin snagcheol, téann Proinsias 'fiáin' ag Wild Ireland, agus déanann Séaghan iniúchadh ar stair na cathrach. Ach tosaíonn an chraic i ndáiríre nuair a thugann an triúr faoi athchruthú radhairc chlasaiceacha ó Derry Girls! Bí ag súil le ceol, gáire, agus draíocht an Tuaiscirt.

Ródas

Eipeasóid 3

S4 E3 49m

Tá na málaí pacáilte agus na pasanna stampáilte, is i gCathair Ródas a bheifear sa gclár seo, seanchathair mheánaoiseach i réigiún na Meánmhara. Réitíonn Laura caife Gréagach go dtagann slám péacóga sa mullach uirthi. Bíonn Proinsias ag bácáil lena "mháthair Ghréagach" agus téann Séaghan ag plé le seanghluaisrothair. Feicfear seanbhallaí, solas na gréine, spórt agus spraoi in Ródas.

Milwaukee

Eipeasóid 4

S4 E4 50m

Is in Milwaukee Mheiriceá a bheifear sa gclár seo, cathair a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar bheoir, daorchluiche agus féilte! Beidh Séaghan ag feisitú bád, téann Laura chuig páirc dhaorchluiche le fir bhainne Milwaukee agus beidh Proinsias i mbun cleasaíochta le Josh & Josh. Beidh neart gáire agus spraoi ag na taistealaithe sa gclár seo.

Búcairist

Eipeasóid 5

S4 E5 49m

Is i mBúcairist a bheifear an tseachtain seo, ó pháláis mhóra go healaín sráide, tá neart le feiceáil i bpríomhchathair bhríomhar na Rómáine. Tabharfar aire na huibhe do Phroinsias agus é i mbun dúshlán ríoga, taispeánfaidh ceardaí Romach a cheird do Laura agus rachaidh Séaghan amach ag tógáil pictiúr de na seanfhoirgnimh thréigthe atá sa gcathair. Cuirfear an triúir céilí ar bun ar shráideanna Bhúcairist ansin ach an mbeidh fonn damhsa ar mhuintir na háite?

Chicago

Eipeasóid 6

S4 E6 50m

Is i Chicago a bheidh na taistealaithe sa gclár seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mheániarthar Mheiriceá. Tá Chicago lán le diaspóra na hÉireann, agus ón Willis Tower go dtí an "Bean" is iomaí rud atá le feiceáil sa tríú cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Louise triail as damhsa buirlisce, caithfidh Séaghan an lá i rannóg dhóiteáin na cathrach agus beidh Proinsias ag iarraidh pictiúr den spéirlíne a thógáil. Beidh anamcheol, scríobairí spéire agus suaitheantais stíle le fáil ar an gclár.

Larnaca

Eipeasóid 7

S4 E7 49m

Is in Larnaca na Cipire a bheifear an tseachtain seo, cathair ghrianmhar cois farraige inar féidir do scíth a ligean nó dul ar eachtra. Tá cáil ar Larnaca mar gheall ar an bpromanáid álainn atá ann, Séipeal Naomh Lazaras agus loch atá beo le lasairéin. Beidh Proinsias ag foghlaim le halloumi a dhéanamh, rachaidh Laura ag seoltóireacht agus gabhfaidh an Kerry Cowboy ag bleán asal, cé gur beithígh a chleacht sé riamh!