Trasna na dTonnta

FaisnéisHuman Interest/Local Interest

Is ar inimircigh atá ag cur fúthu ar na hoileáin amach ó chósta na tíre a dhíreofar sa tsraith seo. Roinnfidh daoine atá tagtha ón Úcráin, an Fhrainc, Albain, an Afraic Theas agus ón nGearmáin a scéalta féin, ag insint mar a d'fhág siad an baile agus mar atá ag éirigh leo dul i gcleachtadh ar an saol ar na hoileáin amach ó chósta thiar na hÉireann. Rinneadh taifeadadh ar an tsraith ar Árainn Mhór, Toraigh, Inis Arcáin, An tOileán Mór, agus ar an Oileán Baoi thar thréimhse bliana chun léargas a thabhairt ar chúrsaí pobail

Béarla G

Trasna na dTonnta

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Is gearr go mbeidh ceithre bliana caite ag Kristina as an Úcráin ar Thoraigh, baineann sí an-spraoi as oíche chartaí le muintir an oileáin. Tá an tAthair John as an Nigéir ag obair ar mhaithe leis an bpobal agus é ina shagart paróiste ar Árainn Mhór anois. Bíonn Liudmila ag obair go deonach i siopa carthanachta i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus tá a hiníon Dariia ag smaoineamh fanacht in Éirinn go fadtéarmach.

Trasna na dTonnta

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Tá Colm agus a bhean ó Oileán Mhuirís ag dul i gcleachtadh ar an saol ar Thoraigh agus ar nósanna an oileáin. Bíonn Belinda as an Afraic Theas ag cur béilí ar rothaí ar fáil ar an Oileán Mór agus bíonn Arsenii ag obair ar fheirm diúilicíní, baineann siad beirt sult as fhéile an tsamhraidh ar an oileán.

Trasna na dTonnta

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Rachfar ó Thoraigh go hiarthar Chorcaí ag casadh le teaghlaigh atá ag tabhairt faoi shaol nua. Beidh Diana, déagóir as an Úcrain, le feiceáil ag socrú síos ar Thoraigh le cabhair ón scoil agus le caride nua. Beidh Dariia, a páirtí Dmytro agus a bpáiste Denis ag tabhairt faoi shaol nua ar an Oileán Mór agus beidh Christian as an nGearmáin agus a bhean Sheila ag dul i gcleachtadh ar an saol ar an Oileán Baoi.

Trasna na dTonnta

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Rachfar ó Thoraigh go hiarthar Chorcaí sa gclár seo ag casadh le teaghlaigh atá ag tabhairt faoi shaol nua in Éirinn. Is dídeanaithe as an Úcráin iad Krystyna agus Diana atá ag cur fúthu ar Thoraigh anois. Tá Arsenii ag dul i gcleachta ar an saol ar an Oileán Mór agus ar an aistear mara a bhíonn roimhe gach lá chun dul ar scoil. Insíonn John, ealaíontóir as Albain, faoin méid a mheall go hInis Arcáin é scór bliain ó shin.