S1 E2 24m
Is ag Aerfort Dhún na nGall atá an stráice tuirlingthe is áille ar domhan. I measc na bpaisinéirí, na dtaistealaithe agus na dturasóirí a thagann ann tá foireann dhíograiseach atá freagrach as na paisinéirí a choinneáil slán agus an t-aerfort a choinneáil oscailte. Sa dara eagrán, tá cúrsaí i bhfad níos casta san aerfort mar gheall ar Covid-19, rachaidh paisinéir amháin go Baile Átha Cliath le cóir leighis a fháil d'ailse, rachaidh an t-intéirneach Cathal Gillespie go dtí an Spáinn ag traenáil agus fillfidh Leah McGarvey ar DCU tar éis shaoire an tsamhraidh.
Béarla
07 Nollaig 2023