S1 E3 24m
Is ag Aerfort Dhún na nGall atá an stráice tuirlingthe is áille ar domhan. I measc na bpaisinéirí, na dtaistealaithe agus na dturasóirí a thagann ann tá foireann dhíograiseach atá freagrach as na paisinéirí a choinneáil slán agus an t-aerfort a choinneáil oscailte. Sa tríú heagrán, tá Cathal Gillespie leath bealaigh trína chuid traenála le bheith ina rialtóir aerthráchta, tá Grace Rodgers ar a bealach as Washington DC go Toraigh ar laethanta saoire agus tá an t-aerfort lán le daoine atá ag dul chuig Féile Sult i nGaoth Dobhair.
Béarla
14 Nollaig 2023