An Cósta Thiar

An Cósta Thiar

Seasúr 1, Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Fágfaidh Áine slán ag a grúpa snámha, Uisce Beatha, i nGaoth Dobhair agus tabharfaidh sí aghaidh ar na Rosa le foghlaim faoin tábhacht a bhí leis an bhfarraige go stairiúil. Rachaidh sí ag iascach chun an tsíor-streachailt a bhaineann leis an bhfarraige, idir saothrú agus caomhnú, a léiriú agus aimseoidh sí seoid, Oileán Uaighe, ar leac an dorais.

Béarla G

Faisnéis

12 Eanáir 2022


SIAR

Tuilleadh Eipeasóid