S1 E5 25m
Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid sa tsraith seo le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. Is i gCarna a bheidh Áine an tseachtain seo áit a bhfaighidh sí tuilleadh eolais ar thionscal an dobharshaothraithe ó bhitheolaithe mara na háite. Rachaidh sí ag seoltóireacht i húicéir den chéad uair, fiosróidh sí todhchaí an phobail cósta seo agus cuirfidh sí eolas ar an gcéad ghlúin eile de bhitheolaithe mara.
Béarla
09 Feabhra 2022