S1 E8 24m
Aithnítear cósta thiar na hÉireann ar cheann de na bealaí farraige is mealltaí agus is iontaí ar domhan. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin ar camchuairt muid le léargas a thabhairt ar na dúshláin, an saibhreas agus an cultúr mara a bhaineann le bheith i do chónaí cois cósta an Atlantaigh. An tseachtain seo, tosaíonn Áine ar thuras thart ar chósta Chorca Dhuibhne, ag iomramh le ceoltóir, le saor báid agus le seaimpíní na hÉireann fiú! Fiosraíonn sí an dúil atá ag mná Chorca Dhuibhne sa snámh agus téann sí ag sealgaireacht agus ag céaslóireacht le bean a bhfuil an fharraige san fhuil aici.
Béarla
02 Márta 2022