S1 E3 25m
Fiosróidh Manchán Magan ár gcaidreamh casta le portaigh na hÉireann sa tsraith seo. Tá Éire ar cheann de na tíortha is tábhachtaí ar domhan i dtaobh tailte portaigh ó tharla gurb inti atá an tríú líon is mó portaigh atá fós gan scriosadh ar domhan. Is cuid dár n-oidhreacht iad na portaigh; ach tá na gnáthóga seo i mbaol. An féidir portaigh na tíre a chaomhnú fad a gcoinnímid ár gcultúr i leith na bportach sin beo? An féidir i ndáiríre an dá thrá a fhreastal? Sa gclár seo tugann Manchán cuairt ar Achaidh Chéide i Maigh Eo, séadchomhartha ón gClochaois.
Béarla
21 Aibreán 2022