S1 E4 25m
Fiosróidh Manchán Magan ár gcaidreamh casta le portaigh na hÉireann sa tsraith seo. Tá Éire ar cheann de na tíortha is tábhachtaí ar domhan i dtaobh tailte portaigh ó tharla gurb inti atá an tríú líon is mó portaigh atá fós gan scriosadh ar domhan. Is cuid dár n-oidhreacht iad na portaigh; ach tá na gnáthóga seo i mbaol. Caithfidh Manchán súil siar ar an méid atá feicthe aige go dtí seo agus déanann sé machnamh faoin méid atá i ndán do phortaigh na tíre. An féidir úsáid eile a bhaint as na portaigh agus ceangal nua a dhéanamh leo chun go mbeidh saol níos fearr ag cách amach anseo?
Béarla
28 Aibreán 2022