S1 E3 23m
Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise agus inseoidh siad scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal uathúil féin ag gach aon bhean, agus tabharfaidh na scéalta seo léargas dúinn ar na hathruithe ar shochaí na hÉireann thar thréimhse seachtó bliain. Gheobhaidh muid blaiseadh ó na lánúineacha don ócáid draíochtúil a chaith siad i gcuideachta a dteaghlaigh agus a ndlúthchairde. Rachaidh muid siar go Conamara chuig Sarah Ghriallais, an t-amhránaí sean-nóis mór le rá. Go Corcaigh ansin agus scéal grá a tháinig le J1 agus a bhláthaigh thar thrí mhór-roinn.
Béarla
01 Samhain 2023