S1 E4 24m
Croithfidh brídeoga ar fud na tíre an deannach dá ngúnaí bainise agus inseoidh siad scéal a ngúna dúinn agus an ré inar chaith siad é. Tá a scéal uathúil féin ag gach aon bhean, agus tabharfaidh na scéalta seo léargas dúinn ar na hathruithe atá tagtha ar shochaí na hÉireann le seachtó bliain. Déanfaidh na lánúineacha cur síos ar ócáid dhraíochtúil a chaith siad i gcuideachta a dteaghlaigh agus a ndlúthchairde. Cloisfimid faoi ghúna Bhrídín óna fear céile Aodán agus óna deirfiúr Bláthnaid a rinne di é in 1969. Inseoidh Eibhlís dúinn faoin ngúna a chaith sí an lá ar phós sí Oisín i nGuagán Barra.
Béarla
08 Samhain 2023