Aperitíf

SiamsaíochtReality/Challenge

Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár, agus beidh duine nua os a gcomhair don chéad chúrsa, don phríomhchúrsa agus don mhilseog. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin. Nuair a bheidh blaiseadh beag faighte ag na hiarrthóirí den triúr, beidh orthu duine amháin a roghnú chun leanúint leis an gcúirtéireacht.

Béarla 15A

Aperitíf

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin. Nuair a bheidh blaiseadh beag faighte ag na hiarrthóirí den triúr, beidh orthu duine amháin a roghnú chun leanúint leis an gcúirtéireacht. Cuirfidh Mairéad agus Cuan fáilte roimh Tadhg, Marc , agus Sorcha an tseachtain seo agus iad triúr sa tóir ar ghrá.

Aperitíf

Eipeasóid 1

S1 E1 51m

Trí choinne gan aithne , trí chúrsa blasta agus cinneadh mór amháin - sin é oideas Aperitíf. An tseachtain seo buaileann Facthna, Isibéal agus Oisín lena gcuid comhluadar nua agus iad ar thóir an ghrá. Tá Oisín den tuairim go gcuirfidh a chuid tatúnna froganna go mór lena mhealltacht, ach an mbeidh a chuid comhluadar den bharúil chéanna? Beidh gáire, comhrá macánta agus seans maith go n-eascróidh rómáns.