Eipeasóid 3
S1 E3 50m
Sa tsraith Báisteach caithfear súil ar chuid den mhistéir a bhaineann le feiniméan coitianta na báistí. I gclár deiridh na sraithe, fiosróidh Seán Mac an tSíthigh an tábhacht a bhaineann leis an acmhainn luachmhar seo don gheilleagar agus pléifear an tionchar atá ag easpa báistí agus ag an iomarca báistí ar an saol mór. Ó Inis Oírr go Arizona gheobhaimid amach faoin tionchar a bhíonn ag ganntan uisce ar shaol daoine agus faoin mbealach a bhfuil pobal ar iargúil na hAlban ag baint úsáid aisti chun an ceantar a athbheochan.