Báisteach

Báisteach

Seasúr 1, Eipeasóid 1

S1 E1 49m

Sa tsraith seo caithfear súil ar chuid den mhistéir a bhaineann le feiniméan coitianta na báistí. Sa chéad chlár gheobhaimid amach faoin eolaíocht a bhaineann leis na braonta báistí a mbímid ag brath orthu. Tugann Seán Mac an tSíthigh cuairt ar Uaimheanna na hÁirse Marmair i gcontae Fhear Manach, áit a bhfuil feiceáil fós ar lorg na mbraonta báistí a thit na mílte bliain ó shin agus buaileann sé le fear a choinníonn súil ar bháisteach bhliantúil na tíre. In Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha léirítear do Sheán an dua a chuireann siad orthu féin báisteach a chruthú.

Béarla G

FaisnéisScience/NaturalWorld/Enviromental

06 Aibreán 2022


SIAR

Tuilleadh Eipeasóid