S1 E1 23m
Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Chiarraí. I gcomhluadar an chriú bhríomhair, tabharfaidh Barra faoin bparafaoileoireacht, faoin bpotadóireacht agus faoi mharcaíocht ar chapall. Rachaidh sé ar Sea Safari sa Daingean sula gcuireann droch-aimsir isteach ar an turas. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an taobh eile den chontae dár ndóigh ag Aillte Chiarraí. Beidh Barra ina Willy Wonka in Skelligs Chocolates agus cuirfidh sé allas sa Skeillig Sauna ina dhiaidh. Tuigeann Barra anois cén fáth a dtugtar an Ríocht ar Chiarraí!
Béarla
17 Lúnasa 2023