S1 E2 23m
Bígí i dteannta Bharra, láithreoir úrnua, agus é sa tóir ar eachtraí spleodracha timpeall Dhún na nGall. Tabharfaidh Barra faoin dreapadóireacht staca-farraige, faoi bhlaiseadh fuisce, faoi chadhcáil agus faoi sheoltóireacht! Tabharfaidh sé a aghaidh ar dtús ar Errigal View Pet Farm go bhfeicfidh sé alpaca atá lán le diabhlaíocht lena chara agus fear grinn, Hugh Carr. Rachaidh sé chuig seisiún ceoil i dTeach Hiúdaí Beag agus tabharfaidh sé faoi thuras cadhcála ar maidin timpeall ar oileán Uaigh. Feicfidh sé rónta agus deilfeanna ar an turas dochreidte seo. Mar a deir siad, "Mura bhfuil sé ar an ngram, níor tharla sé!"
Béarla
17 Lúnasa 2023