Bláth na hÓige

Faisnéis

Sa tsraith seo, tá plúr na bhfonnadóirí ag teacht le chéile i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire, go rachaidh siad ag comhoibriú agus ag cruthú go gcuirfidh siad an traidisiún in oiriúint don saol ina maireann siad.

Béarla PG

Cathal Ó Curráin

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Sa tsraith seo, tiocfaidh plúr na bhfonnadóirí le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. An t-amhránaí, ceoltóir basúcaí, bainseó agus fidile Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair a bheidh ar an gcéad chlár.

Caoimhe & Séamus Uí Fhlatharta

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúrtha an oileáin seo. Sa tsraith seo, tabharfar plúr na bhfonnadóirí le chéile i gConamara faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. I gclár na seachtaine seo, buailfidh muid le muintir Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i gConamara. Deirfiúr agus deartháir iad seo a bhfuil cáil mhór orthu fud fad na tíre de bharr a stíle amhránaíochta agus ceoil.

Méabh Ní Bheaglaoich

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúrtha an oileáin seo. Sa tsraith seo, tá plúr na bhfonnadóirí ag teacht le chéile i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire, go rachaidh siad ag comhoibriú agus ag cruthú go gcuirfidh siad an traidisiún in oiriúint don saol ina maireann siad. An ceoltóir, amhránaí agus cumadóir Méabh Ní Bheaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bheidh ar an gclár seo.

Piaras Ó Lorcáin

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Sa tsraith seo, tiocfaidh plúr na bhfonnadóirí le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. Piaras Ó Lorcáin as Crois Mhic Lionnáin in Ard Mhacha a rugadh agus a tógadh le hamhránaíocht agus le filíocht a cheantair dúchais, Oirialla, a bheidh ar an gclár seo.

Máire & Étáin Ní Churraoin

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Sa tsraith seo, tá plúr na bhfonnadóirí ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. Máire agus Étáin Ní Churraoin, beirt deirfiúracha as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí a bheidh ar an gclár seo. Tá an-suim acu sna hamhráin thraidisiúnta le fada an lá agus tá grúpa acu anois ar a dtugann siad 'An Chéad Ghlúin Eile'.

Megan Nic Ruairí

Eipeasóid 6

S1 E6 24m

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Sa tsraith seo, tiocfaidh plúr na bhfonnadóirí le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. Megan Nic Ruairí, amhránaí agus pianódóir as Rann na Feirste a thosaigh amach ag casadh lena teaghlach sa ngrúpa Clann Mhic Ruairí, a bheidh ar an gclár seo. Is ball den ghrúpa Big Love í Megan anois.

Ceolchoirm

Eipeasóid 7

S1 E7 51m

Seo Bláth na hÓige, meitheal a thugann plúr na bhfonnadóirí óga le chéile faoi stiúir Síle Denvir agus Colm Mac an Iomaire, go rachaidh siad ag comhoibriú agus ag cruthú go gcuirfidh siad an traidisiún amhránaíochta in oiriúint don saol ina maireann siad. Cuirfidh an cheolchoirm speisialta seo ón Pepper Canister ag an TradFest Temple Bar 2023 clabhsúr leis an tsraith agus na ceoltóirí ag cur toradh a gcuid oibre i láthair agus iad ag seinm beo mar ghrúpa den chéad uair.