S1 E5 25m
Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Sa tsraith seo, tá plúr na bhfonnadóirí ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí Síle Denvir agus an veidhleadóra Colm Mac Con Iomaire. Máire agus Étáin Ní Churraoin, beirt deirfiúracha as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí a bheidh ar an gclár seo. Tá an-suim acu sna hamhráin thraidisiúnta le fada an lá agus tá grúpa acu anois ar a dtugann siad 'An Chéad Ghlúin Eile'.
Béarla
11 Bealtaine 2023