Céim Chun Cinn

Faisnéis

Tréimhse aislingeach, spraíúil, spleodrach iad blianta órga na hollscoile. Sa tsraith seo beimid i dteannta ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin agus ar an tairbhe a bhaineann le saol na hollscoile.

Béarla G

Céim Chun Cinn

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Nach aoibhinn beatha an Scoláire! Sa tsraith seo faightear léargas ar na dúshláin agus na buntáistí is mó a bhaineann le saol na hollscoile nuair a leanaimid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla. Tá Naoise ag bogadh as Corca Dhuibhne go Luimneach le tús a chur lena aistear ollscoile i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Tá Darragh fillte ar Chorcaigh dá bhliain dheireanach i gColáiste na hOllscoile. Leanann traenáil rothaíochta Clodagh ar aghaidh sa Choláiste Ollscoile, BÁC beag beann ar thrácht agus an aimsir. Pléann Anna an feachtas #misefosta agus ceist an toilithe i nGaillimh.

Céim Chun Cinn

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Nach aoibhinn beatha an Scoláire! Sa tsraith seo tugtar léargas ar na dúshláin agus ar na buntáistí is mó a bhaineann le saol na hollscoile nuair a leanaimid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla. An tseachtain seo faigheann Clodagh amach chomh aclaí is atá sí; tugann cairde nua Naoise bearradh gruaige dó; tá Anna ag staidéar do scrúdaithe na Nollag i gCo. an Dúin agus tá Darragh ag eagrú cóisir Nollag chun deireadh an téarma a cheiliúradh.

Céim Chun Cinn

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Nach aoibhinn beatha an Scoláire! Sa tsraith seo tugtar léargas ar na dúshláin agus ar na buntáistí is mó a bhaineann le saol na hollscoile nuair a leanaimid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla. An tseachtain seo tá Anna faoi bhrú agus í ag obair i dteach tábhairne i rith sheachtain na ngiobal, téann Naoise chun páirce le foireann na bhfreisear i gColáiste Mhuire Gan Smál, téann Darragh abhaile le haire a thabhairt dá sceach agus dá mháthair ar ndóigh, agus bíonn Clodagh ag traenáil sa veileadróm i mBaile Átha Cliath.

Céim Chun Cinn

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Tréimhse aislingeach, spraíúil, spleodrach iad blianta órga na hollscoile. Sa tsraith seo leanfaimid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin agus ar an tairbhe a bhaineann le saol na hollscoile. I gclár deireanach na sraithe, tá Anna ag ullmhú le dul go Vítneam nuair a bheidh na scrúdaithe ag deireadh an téarma críochnaithe aici. Tá Clodagh ag teacht chuici féin i ndiaidh obráide sa bhaile i nGaoth Dobhair. Tá Naoise sa bhaile lena rang ollscoile do chúrsa Gaeltachta. Cuireann Darragh clabhsúr lena thréimhse ollscolaíochta ag Bál na Gaeilge.