S1 E4 25m
Tréimhse aislingeach, spraíúil, spleodrach iad blianta órga na hollscoile. Sa tsraith seo leanfaimid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin agus ar an tairbhe a bhaineann le saol na hollscoile. I gclár deireanach na sraithe, tá Anna ag ullmhú le dul go Vítneam nuair a bheidh na scrúdaithe ag deireadh an téarma críochnaithe aici. Tá Clodagh ag teacht chuici féin i ndiaidh obráide sa bhaile i nGaoth Dobhair. Tá Naoise sa bhaile lena rang ollscoile do chúrsa Gaeltachta. Cuireann Darragh clabhsúr lena thréimhse ollscolaíochta ag Bál na Gaeilge.
Béarla
02 Feabhra 2023