Ceol ón Chlann

Ceol

Sraith ina dtugtar chun cuimhne teaghlaigh aitheanta ceoil a bhfuil a rian fágtha go domhain acu ar oidhreacht cheoil na tíre seo (agus na Breataine freisin).

Béarla G

Na Smyths

Eipeasóid 1

S4 E1 25m

Rugadh agus tógadh Seán, Breda agus Cora Smyth sa tSráid i gContae Mhaigh Eo. Bhí ceol traidisiúnta mar chuid lárnach dá saol agus iad ag fás aníos. Bhuaigh siad os cionn 40 duais uile-Éireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Bhain siad ar fad céim amach sa leigheas i nGaillimh agus lean siad leis an gceol fad a bhí siad ar an ollscoil. Is é Seán a bhunaigh an grúpa ceoil Lúnasa, tá cláracha teilifíse curtha i láthair ag Breda do TG4 agus do RTÉ agus thaisteal Cora ar fud na cruinne le Michael Flatley agus Lord of the Dance.

Na Dillons

Eipeasóid 2

S4 E2 25m

Rugadh Cara agus Mary Dillon i nDún Geimhin i gContae Dhoire agus tógadh le ceol iad. Thosaigh Mary ag ceol go hóg agus ní raibh sí ach ina déagóir nuair a bhuaigh sí craobh na hÉireann i gcomórtas amhránaíochta ag Fleadh Cheoil na hÉireann. D'eisigh Mary albaim léi féin agus ina ball den ghrúpa Déanta. Tá neart taifeadta ag Cara Dillon freisin agus bronnadh The Meteor Irish Music Award uirthi. Is ceoltóir aitheanta é nia Mary agus Cara, Odhrán Mullen, a bhíonn ag obair le Peter Gabriel agus Real World Records in Bristol.

Muintir Uí Cheannabháin

Eipeasóid 3

S4 E3 25m

Is de bhunadh na hAirde Thoir i gCarna i gceantar aitheanta Iorras Aithneach i gConamara iad Muintir Uí Cheannabháin. Amhránaí clúiteach ab é Michael Mháire Ghabha agus is uaidh siúd agus óna mháthair, Máire Ghabha, roimhe a fuair Muintir Uí Cheannabháin a gcuid amhrán. Bhain Pól Ó Ceannabháin aitheantas náisiúnta amach nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge 2012. Feictear anseo é lena mháthair Nóra, a dheirfiúracha Caitríona agus Bríd, a dheartháir Seosamh agus daoine muinteartha eile.

Muintir Uí Ghlacáin

Eipeasóid 4

S4 E4 25m

Is i mBaile Átha Cliath atá Muintir Uí Ghlacáin ag cur fúthu ach tá ceangal láidir acu le Tír Chonaill. Tógadh a n-athair Tom sna Rosa agus ghlac siad go fonnmhar le stíl thraidisiúnta na háite. Bhí Paddy ina bhall den Bothy Band agus roghnaíodh é mar Cheoltóir na Bliana ag Gradam Ceoil TG4 2022 agus tá Kevin ag seinm le fada le leithéidí Rónan Browne agus Davy Spillane. Tá an ceol traidisiúnta go láidir sa chéad ghlúin eile freisin, is ceoltóir agus láithreoir teilifíse í Doireann Ní Ghlacáin, iníon le Kevin.

Na Vallely's

Eipeasóid 5

S4 E5 24m

Is clann d'ealaíontóirí agus ceoltóirí iad Muintir Vallely as Ard Mhacha. Tá JB Vallely ar dhuine de mhór ealaíontóirí na hÉireann agus bhunaigh sé féin agus a bhean chéile Eithne an Armagh Pipers Club, áit a mbíonn siad ag múineadh ceoil do dhaoine óga. Tá clú agus cáil ar thriúr mac dá gcuid i saol an cheoil thraidisiúnta: bíonn Niall ag seinm ar an gconsairtín leis an mbanna Nomos agus leis an mbanna Buille, seinneann Caoimhín an fhidil agus an pianó agus bhí sé mar bhall den ghrúpa North Cregg agus is píobaire uillinn é Cillian leis an ngrúpa cáiliúil, Lúnasa.

Na Haydens

Eipeasóid 6

S4 E6 25m

D'fhás Cathal agus Stephen Hayden aníos in Pomeroy i gcroílár Chontae Thír Eoghain. Thug siad an ceol leo óna n-athair, John, ar ceoltóir breá ar an mbainseó é féin agus is iomaí port a d'fhoghlaim siad i dteach tábhairne a muintire. Is ceoltóir mór le rá é Cathal agus is eiseamláir a chuid ceoil do cheoltóirí óga. Tá cleachtadh mhaith aige a bheith ag seinm ina aonar nó le grúpaí ceoil ar nós Four Men and a Dog, Máirtín O'Connor Trio nó le leithéidí Christy Moore. Tá ard-mheas chomh maith ar Stephen ina cheoltóir ar an fhidil a bhain cáil amach leis an ngrúpa Upstairs in a Tent.