Croí an Chlub

Faisnéis

Is iad cumainn áitiúla Chumann Lúthchleas Gael cuisle an phobail fud fad na hÉireann. Is iad na pobail CLG sin ábhar na sraithe Croí an Chlub, iad ag léiriú mórtas as a gceantar agus ndúiche féin. Le linn na bliana 2021 lean muid daoine a bhí ag filleadh ar an imirt arís i gceithre chlub CLG ar fud na tíre.

Béarla G

Croí an Chlub

Eipeasóid 1

S3 E1 25m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Fillfidh bainisteoir Chumann Mícheál Breathnach, Cárthach ar an mbaile den chéad uair le fada. Cuirfidh Naomh Abán tús leis an traenáil ach tá craobh 2020 le himirt acu sula dtosóidh an séasúr nua. Tá gliondar ar pháistí Chluain Dolcáin agus iad ag filleadh ar an traenáil agus tá na cluichí idirchontae ar ais agus áit lárnach ag Róisín Nic Ruairí as CLG Naomh Muire i bhfoireann Dhún na nGall.

Croí an Chlub

Eipeasóid 2

S3 E2 24m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Tá an séasúr faoi lánseol agus a gcéad choimhlint cheart ag iománaithe Chumann Mícheál Breathnach, filleann Róisín ar a club féin, tá Naomh Abán i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite agus faigheann mná na camógaíochta i gCluain Dolcáin drochscéala.

Croí an Chlub

Eipeasóid 3

S3 E3 24m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Tá na cluichí faoi lánseol i nDún na nGall ach tá Róisín fós gafa le foireann an chontae. Tá Croía ar bhóthar a leasa agus í dóchasach go mbeidh sí ar ais ag imirt go luath do Chumann an Chloigthí. Tá iománaithe Mícheál Breathnach ag iarraidh an chéad ghlúin eile d'imreoirí óga a spreagadh agus tá lá chluiche craoibhe faoi 21 Naomh Abán tagtha ar deireadh.

Croí an Chlub

Eipeasóid 4

S3 E4 24m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. An tseachtain seo cuirtear tús leis an gCraobh Camógaíochta i gCluain Dolcáin, tá Róisín agus foireann Dhún na nGall á n-ullmhú féin don chraobhchomórtas, beidh Cárthach i mbun tráchtaireachta ar a chéad chluiche ar an teilifís agus thíos i gCorcaigh ní bheidh sé ró-dheacair teacht ó ghortú nuair atá linn snámha gar do bhaile!

Croí an Chlub

Eipeasóid 5

S3 E5 24m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Tá brú ar iománaithe Mhícheál Breathnach agus iad ag imirt sa mbaile, seasann Dún na nGall go láidir in aghaidh na seaimpíní i gCraobh Peil na mBan agus tá foireann Naomh Abán ag imirt i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae agus iad ar thóir a dtríú corn i mbliana.

Croí an Chlub

Eipeasóid 6

S3 E6 24m

Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Tá Róisín ar ais lena club, Naomh Muire, ar chlár na seachtaine seo agus tá cluiche cinniúnach ag iománaithe Mhícheál Breathanch. Táthar ag druidim i dtreo dheireadh na bliana ach tá neart fós idir lámha ag Seathrún agus Ciara i Naomh Abán agus an éireoidh le Cumann an Chloigthí áit a bhaint amach i mbabhtaí deiridh na craoibhe?

Croí an Chlub

Eipeasóid 7

S3 E7 25m

Clár deiridh na sraithe. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Tá Seán ar bhóthar a leasa agus tá a aird anois dírithe aige ar chúrsaí peile san ollscoil. Tá seans ag mná Naomh Muire áit a bhaint amach i ngrád na sinsear ach an mbeidh Róisín ann? Tá an deis deiridh ag iománaithe Mhícheál Breathnach cluiche agus corn a bhuachan in 2021 agus tá mná Chluain Dolcáin ar ais i gCraobh an Chontae agus iad ag iarraidh an bua a thabhairt leo don dara bliain as a chéile.