Eipeasóid 1
S3 E1 50m
Ó bunaíodh an tOireachtas 125 bliain ó shin is beag athrú atá tagtha ar an oilithreacht bhliantúil atá i gcroílár na féile. Glúnta d'iomaitheoirí ag cóiriú, ag cumadh véarsaí, ag cleachtadh steipeanna agus ag baint clú amach dá réir. Sa gclár seo tugtar tús áite d'iomaitheoirí Oireachtas 2022 i gCill Airne, áit ar thug suas le 700 iomaitheoir faoin stáitse. Le linn na féile leanfaidh muid iomaitheoirí idir sean agus óg agus iad ag ullmhú cúl stáitse, ag troid lena néaróga agus ag baint lán a súil as príomhfhéile náisiúnta na nGael.