Eipeasóid 1
S3 E1 24m
Is cuma más éadach ó ollmhargaí atá i gceist nó brandaí daora is breá le Clodagh a bheith ag ceannach éadaí. Tógann Caoimhe an chuid is mó d'éadaí Chlodaigh uaithi chun cúnamh a thabhairt di a nósanna a athrú, ní fhágann sí ach15 ball éadaigh aici feadh coicíse agus ní bheidh cead ag Clodagh tada nua a cheannach. Tugann Caoimhe agus Clodagh cuairt ar Orla Vera a bhíonn ag dearadh málaí láimhe inmharthana agus téann siad go Béal Feirste chun éadach a mhalartú. An éireoidh le Caoimhe nósanna siopadóireachta Chlodaigh a athrú?