Eipidéim

FaisnéisScience/NaturalWorld/Enviromental

Tugtar léargas sa tsraith faisnéise agus staire seo ar na scéalta nár insíodh cheana mar gheall ar eipidéimí móra eile in Éirinn - na galair stairiúla bolgach, calar agus tífeas, an ré nua-aimseartha den eitinn, póilió, bruitíneach, plucamas agus rubella sula gcríochnófar le Covid-19.

Béarla G

Eipidéim

Eipeasóid 1

S1 E1 48m

I gcuid a haon den tsraith faisnéise staire agus eolaíochta seo léirítear scéalta nár insíodh cheana mar gheall ar eipidéimí móra eile in Éirinn, ar nós bolgach, calar agus tífeas, galair thubaisteacha a scaip ar fud na tíre. Rachaidh an staraí sóisialta Síobhra Aiken agus an dochtúir leighis Maitiú Ó Tuathail, sa tóir ar fhíorscéalta na ndaoine a d'fhulaing. Caithfear súil ar nuálaíocht atá ag teacht chun cinn san eolaíocht, ar na hathruithe leighis agus sóisialta agus ar an mbaint a bhí acu leis na galair seo a smachtú.

Eipidéim

Eipeasóid 2

S1 E2 49m

Leanfar leis na scéalta nár insíodh riamh cheana faoi eipidéimí a tharla in Éirinn roimhe seo - eitinn, póilió, bruitíneach, plucamas agus rubella - agus ar ndóigh Covid-19. Léireoidh na scéalta seo go bhfuil an cath eolaíochta in gcoinne Covid-19 bunaithe ar mhórghaiscí sa stair.