S1 E1 48m
I gcuid a haon den tsraith faisnéise staire agus eolaíochta seo léirítear scéalta nár insíodh cheana mar gheall ar eipidéimí móra eile in Éirinn, ar nós bolgach, calar agus tífeas, galair thubaisteacha a scaip ar fud na tíre. Rachaidh an staraí sóisialta Síobhra Aiken agus an dochtúir leighis Maitiú Ó Tuathail, sa tóir ar fhíorscéalta na ndaoine a d'fhulaing. Caithfear súil ar nuálaíocht atá ag teacht chun cinn san eolaíocht, ar na hathruithe leighis agus sóisialta agus ar an mbaint a bhí acu leis na galair seo a smachtú.
Béarla
04 Bealtaine 2022