Eipeasóid 1
S1 E1 49m
Deis eile na trí chlár, a rinneadh mar chuid den chomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916, a fheiceáil. Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar Éirí Amach 1916. Bíonn na fir ag fáil faoi réir do chleachtadh feistis nuair a thugann bosca mistéireach siar san am a caitheadh iad, go dtí 1916, díreach roimh an Éirí Amach. Ní túisce ann iad nuair a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ar gach ní. Caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.