Glór Tíre

Ceol

Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo.

Béarla G

Glór Tíre

Eipeasóid 1

S22 E1 52m

Cuirfear tús le Glór Tíre 2026 anocht! Is é Jimmy Buckley a bheidh ag gabháil fhoinn ar dtús agus cuirfidh sé a iomaitheoirí Darcy Walsh agus Jordan McPolin in aithne den chéad uair. Tá na moltóirí Jó agus Caitríona ar ais agus beidh Eddie Rowley ina dteannta mar aoi-mholtóir. Nuair a bheidh a gcuid casta ag na hiomaitheoirí anocht roghnóidh na moltóirí an té a bheidh ag dul ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais agus beidh an duine eile ag brath ar vótaí ón bpobal. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Glór Tíre

Eipeasóid 2

S22 E2 52m

Is é Michael English an dara meantóir i sraith na bliana seo. Casfaidh Michael cúpla amhrán sula gcuirfidh sé a chuid iarrthóirí Megan O'Hara agus Martin Breslin in aithne. Is í Trudi Lalor a bheidh i dteannta Jó agus Caitríona mar aoi-mholtóir agus beidh cinneadh le déanamh acu triúr anocht. Beidh orthu duine a chur tríd go dtí an chéad bhabhta eile agus beidh an duine eile ag faire ar bhur vótaí sa gclár beo. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Glór Tíre

Eipeasóid 3

S22 E3 49m

Is í Claudia Buckley meantóir na hoíche anocht ar Ghlór Tíre. Casfaidh sí cúpla amhrán í féin sula gcuirfidh sí na hiomaitheoirí Maeve Farrell agus Paudie Coffey in aithne. Casfaidh an bheirt amhrán in éineacht le Claudia agus casfaidh siad amhrán leo féin sula roghnóidh na moltóirí duine acu le dul tríd go dtí an babhta leathcheannais. Is é Brendan Shine an t-aoimholtóir a bheidh i dteannta Jó agus Caitríona. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Glór Tíre

Eipeasóid 4

S22 E4 50m

Is é Partick Feeney meantóir na hoíche anocht ar Ghlór Tíre. Casfaidh sé cúpla amhrán sula gcuirfidh sí na hiomaitheoirí Dee Morrissey agus Ryan Lynch in aithne. Casfaidh an bheirt amhrán in éineacht le Partick agus casfaidh siad amhrán leo féin sula roghnóidh na moltóirí duine acu le dul tríd go dtí an babhta leathcheannais. Is é Brendan Shine an t-aoimholtóir a bheidh i dteannta Jó agus Caitríona. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Glór Tíre

Eipeasóid 5

S22 E5 53m

Fágfar slán le triúr d'iomaitheoirí Glór Tíre 2026 anocht. Tá ceathrar a bheidh ag gabháil fhoinn sábháilte a bhuíochas do na moltóirí Jó agus Caitriona chomh maith leis na haoi-moltóirí Eddie Rowley, Marc Roberts, Trudi Lalor agus Brendan Shine. Beidh an ceathrar eile a bheidh ag canadh ag súil le vótaí ón lucht féachana ar Aip Ghlór Tíre. Cuirfear tús leis an vótáil nuair a bheidh amhrán canta ag an gceathrar. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Glór Tíre

Eipeasóid 6

S22 E6 52m

Babhta leathcheannais Ghlór Tíre 2026 beo! Cuireadh triúr abhaile an tseachtain seo caite agus beidh an cúigear atá fágtha ag canadh anocht chun bhur vótaí a fháil. Ní ghabhfaidh ach triúr tríd go dtí an babhta ceannais an tseachtain seo chugainn. Is féidir do vóta a chaitheamh anois! Gabhfaidh an bheirt leis an méid is mó vótaí tríd go dtí an babhta ceannais agus roghnóidh na moltóirí duine den triúir eile. Beidh na hiomaitheoirí ar fad ar stáitse anocht chomh maith le haíonna speisialta. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

Babhta Ceannais 2026

Eipeasóid 7

S22 E7 51m

Babhta Ceannais Ghlór Tíre 2026 beo! Bhí ochtar san iomaíocht ag tús an chomórtais is níl fágtha anois ach triúr. Leanfar leis an vótáil anocht. Beidh aíonna speisialta ag gabháil fhoinn ar stáitse chomh maith leis na hiomaitheoirí agus fógrófar seaimpíní Ghlór Tíre 2026. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.