Hector Caribbean

Siamsaíocht

Tá Hector ag bualadh bóthair arís, trasnóidh sé an tAtlantach agus é ag tabhairt aghaidh ar Mhuir Chairib. Feicfidh sé oileáin áille ó Chúba go Iamáice, ón bPoblacht Dhoiminiceach go Pórtó Ríce, ó Antigua go Montsarat go gcríochnóidh sé ó dheas ar Oileán na Tríonóide agus Tobága.

Béarla 16

Oileán na Tríonóide & Tobága

Eipeasóid 7

S1 E7 50m

Tá ceann scríbe bainte amach ag Hector agus cuireann sé deireadh lena thuras mórthimpeall Mhuir Chairib ar Oileán na Tríonóide agus Tobága. Buaileann Hector leis an seaimpín Oilimpeach Keshorn Walcott, téann sé amach ar an Caroni Swamp le Allister Nanan agus téann sé ag iascaireacht amach ó Chósta Tobága. Tugann Hector aghaidh ar Grand Riviere is an ghrian ag dul faoi agus feiceann sé turtair droimleathair chun clabhsúr a chur ar a thuras.

Antigua & Montsarat

Eipeasóid 6

S1 E6 49m

Sroicheann Hector oileán Antigua. Tugann sé cuairt ar fhoireann chruicéid na hIndiacha Thiar agus iad ag fáil faoi réir don Chorn Domhanda. Castar an Hells Gate Steel Orchestra air agus beireann sé ar roc ga nimhe sa Mhuir Chairib. Ansin tugann Hector aghaidh ar Mhontsarat, nó Oileán Iathghlas an Mhuir Chairib mar a thugtar air agus feiceann sé bolcán Soufrière Hills a bhrúcht in 1995 agus a rinne léirscrios sa gceantar. Fiosraíonn Hector an ceangal atá ag an oileán le muintir na hÉireann agus tugtar léargas dó ar thrádáil na sclábhaithe.

Pórtó Ríce

Eipeasóid 5

S1 E5 50m

Is i bPórtó Ríce a bheidh Hector an tseachtain seo. Faigheann sé blaiseadh de bhia na háite agus feiceann ealaín sráide sa bpríomhchathair San Juan. Tugann sé cuairt ar chúirt cispheile agus ar fheirm anainn, an príomhchomhábhar i piña colada. Faigheann Hector amach faoi chúrsaí ceoil ar an oileán freisin, idir reggaetón, an t-amhrán "Despacito" agus an ceoltóir Bad Bunny tá oidhreacht shaibhir cheoil le fáil ar an oileán seo.

An Phoblacht Dhoiminiceach

Eipeasóid 4

S1 E4 49m

Tugann Hector aghaidh ar an bPoblacht Dhoiminiceach agus faigheann sé blaiseadh de shaol ilchultúrtha na tíre sin. Ar dtús tugann sé cuairt ar chumann daorchluiche go bhfeicfidh sé ceann de na spóirt is mó imrítear sa Phoblacht Dhoiminiceach. Ansin faigheann sé blaiseadh de cheol 'son' agus déanann sé féin cúpla steip! Téann Hector go feirm plantáin go bhfeicfidh sé ceann de na torthaí is mó a itear sa Mhuir Chairib ag fás. Ar deireadh tugann sé aghaidh ar an teorainn le Háítí áit a bhfeiceann sé na céadta daoine ag díol is ag ceannach ag an droichead idir an dá thír.

Iamáice

Eipeasóid 3

S1 E3 49m

Tugann Hector aghaidh ar Iamáice agus faigheann sé blaiseadh de chultúr na tíre. Téann sé chuig carnabhal Kingston ar dtús chun píosa spraoi a bheith aige agus buaileann sé le Shelly-Ann Fraser-Pryce a ghnóthaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha faoi dhó. Casfaidh sé le pobal dúchais Cockpit Country freisin ach ar ndóigh ní fhéadfaí cuairt a thabhairt ar Iamáice gan pionta a ól ar Treasure Beach nó súil a chaitheamh ar fheirm cannabais.

Cúba - Faoin Tuath

Eipeasóid 2

S1 E2 49m

Téann Hector amach faoin tuatha i gCúba áit a bhfeiceann sé cultúr agus tionscail na háite. Buaileann sé isteach go cumann dornálaíochta agus feiceann sé an aos óg i mbun traenála agus mar a oibríonn córas oideachais na tíre. Caitheann Hector seal ag obair le grúpa fir atá ag déanamh 'carbón'.

La Habana, Cúba

Eipeasóid 1

S1 E1 48m

Is in Havana a chuirfidh Hector tús lena aistear sa Mhuir Chairib agus feicfidh sé an fás agus forbairt atá tagtha ar an gcathair seo. Buailfidh sé leis an gceoltóir snagcheoil Bobby Carcassés agus gheobhaidh sé blaiseadh de cheol Chúba. Feicfidh sé mar a dhéantar todóga agus rachaidh sé ag spaisteoireacht timpeall Havana.