Hector - Éire Nua

Siamsaíocht

Tabharfaidh Hector ar chamchuairt ar fud na hÉireann muid chun bualadh le daoine iontacha ó thar lear atá anois ag cur fúthu in Éirinn. Ón mBrasaíl go dtí an Congó, Ceanada go Ghana, ón Rúis go dtí an tSiria, tá seisean sa tóir ar na daoine agus ar na freagraí. Cé hiad fhéin? Cén fáth ar tháinig siad go hÉirinn? Conas mar atá ag éirí leo? An bhfuiltear ag caitheamh go maith leo in Éirinn? Tá siad seo ag cur athrú ar Éirinn mar is eol dúinn í - Seo í 'Éire Nua’ Hector.

Béarla PG

Hector - Éire Nua

Eipeasóid 1

S1 E1 49m

Cuirfidh Hector tús lena thuras ina bhaile dúchais, An Uaimh, áit a gcasfaidh sé le Yemi Adenuga, réalta raidió as an Nigéir. Casfaidh sé le muintir Kislinas as an Laitvia a tháinig anseo ag lorg oibre agus Jeaic as Nua-Eabhrac a chur faoi anseo mar gheall ar an gcion atá aige ar an teanga. Rachaidh Hector ag iascaireacht le fear de bhunadh na Fraince i gCo. an Chláir. Caithfidh sé seal i gcuideachta Victor as an Rúis a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge i Moscó. Roinnfidh Ola Majekodunmi na dúshláin a bhíonn le sárú aici ina láithreoir raidió leis agus cloisfidh sé scéal an bhanaltra Patricia faoi nuair a tháinig sí go hÉirinn ar dtús.

Hector - Éire Nua

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Labhróidh Hector le Jeannine O'Brien as an Chongó, a bhfuil a croí istigh sa CLG, agus atá in éineacht le fear as Luimneach. Cloisfidh sé scéalta na dteaghlach atá ag lorg tearmainn ó Fadl Mustapha i Leitir Ceanainn agus Reham Ghafarji, ón tSiria, atá ina chónaí i gCloich na Coillte. Go lár tíre ansin leis go labhróidh sé le Boidu Sayeg, réalta CLG na hIarmhí, a rugadh sa Libéir agus ó dheas leis ansin chun bualadh le hÚna-Minh Caomhánach. Caithfidh Hector súil ar chultúr na tíre seo a mheallann daoine go hÉirinn agus labhróidh sé le Fernanda, as an Airgintín agus Megan, an Gaeilgeoir, as Ceanada faoin nasc ceoil seo.

Hector - Éire Nua

Eipeasóid 3

S1 E3 49m

Taispeánfaidh Hector a chuid scileanna sacair dúinn ar Pháirc chumann sacair Finn Harps i mBealach Féich agus Eloku, nó Luca mar is fearr aithne air go háitiúil, as an Nigéir ina theannta. Labhróidh sé le Evan Furlong, as an Téaváin, agus le Bruna McKenna, as an mBrasaíl, ar mheall a gcuid páirtithe chun na tíre seo iad. Inseoidh Bobby Rao, Gael-Indiach agus réalta cruicéad, do Hector mar ar éirigh leis teacht go hÉirinn an chéad lá riamh agus faoin saol ar an tSrath Bán le linn na dtrioblóidí sna 80idí.

Hector - Éire Nua

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Clár deiridh na sraithe. Casfar fiontraithe iontacha ar nós Eva Milka, úinéir Gaelic Escargot i gCeatharlach, ar Hector sa gclár seo chomh maith le muintir na Polainne a bhfuil an siopa báicéara K&T Bakery acu i gCathair Saidhbhín. Labhróidh sé le Eden McGuinness i mBaile Átha Cliath a inseoidh scéal a mhuintire dó. Go Corcaigh leis ansin áit a gcasfar Izzeddeen air, úinéir Izz Café, labhróidh Izzy faoin streachailt a bhain le bheith ag lorg tearmainn dó féin agus dá chlann agus an cineáltas a bhrath siad ó mhuintir Chorcaí. Agus leis sin, sin deireadh le haistear Hector agus é ar thóir 'Éire Nua'.