Ó Cuisine

SaolchlárCooking

Sraith nua cócaireachta. Sa tsraith seo casfaidh Pádraig Ó Sé le príomhchócairí as óstáin mhóra na tíre. Réiteoidh siad béile trí chúrsa dúinn amhail is a bheadh ar bhiachlár a bhialainne.

Béarla G

Dinnéar na Nollag

Eipeasóid 1

S3 E1 25m

Sraith cócaireachta á chur i láthair ag Veronica Ní Ghríofa. Stiofán Mac Donnchadha a bheidh sa chistin inniu agus réiteoidh sé miasa eile, seachas na gnáthmhiasa, a bheadh oiriúnach Lá Nollag. Réiteoidh sé Gravlax de Bhradán, Brollach Éanlaith Ghuine Rósta le Purée Soiliriac agus Pióg Mionra & Úll le custard Baileys.

Ó Cuisine

Eipeasóid 2

S3 E2 25m

Sraith cócaireachta á cur i láthair ag Veronica Ní Ghríofa. Réiteoidh Peadar Mac an Bhaird as 'Country Choice' san Aonach, béile trí chúrsa - duáin uaineola, casaról Hereford agus plumaí scallta.

Ó Cuisine

Eipeasóid 3

S3 E3 25m

Pól Ó hÉannraich ón ‘Bloom Brasserie’ i mBaile Átha Cliath a bheidh sa chistin inniu. Diúilicíní, colmóir agus piorraí scallta a réiteoidh Pól inniu.

Ó Cuisine

Eipeasóid 4

S3 E4 25m

Brian Danny Minnie as Anagaire a bheidh sa chistin inniu. Sailéad mozzarella le trátaí, bráthair le hanlann hollandaise agus crème brulée a réiteoidh Brian inniu.

Ó Cuisine

Eipeasóid 5

S3 E5 25m

Niall Ó Conchúir as ‘An Canteen’ sa Daingean a bheidh i dteannta Veronica sa chistin inniu. Beoir cheirde a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Réiteodh sé cloicheáin i leann gealbhuí, leiceann mairteola i bpórtar Chorca Dhuibhne agus donnóga puimcín le pórtar dorcha.

Ó Cuisine

Eipeasóid 6

S3 E6 24m

Jackie Ní Fhlatharta a bheidh i dteannta Veronica sa chistin inniu. Réiteoidh Jackie biachlár nach mbeidh aon fheoil air. Anraith Trátaí agus Basal, gratin puimcín agus cainninne agus toirtín sútha talún agus mascarpone.

Ó Cuisine

Eipeasóid 7

S3 E7 23m

Stiofán Mac Donnchadha as Óstán Maldron i nGaillimh a bheidh i dteannta Veronica sa chistin inniu. Réiteoidh Stiofán biachlár atá éasca agus tapa le hullmhú; sailéad le biatais, piorraí agus feta, brollach sicín le prátaí sauté agus Eton mess líomóide.

Ó Cuisine

Eipeasóid 8

S3 E8 25m

Louise Ní Bhrosnacháin as Global Village sa Daingean a bheidh i dteannta Veronica sa chistin an tseachtain seo. Réiteoidh Louise béile trí chúrsa bunaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin; Mangach deataithe le langoustine, pláta uaineola, agus posóid líomóide agus sméara dubha.