Saol Ella

Cúla4Cula4 Post

Is cailín trí bliana déag í Ella arb é mian a croí don samhradh seo stócach a aimsiú agus a céad phóg a fháil uaidh.

BéarlaGaeilge G

Saol Ella

Eipeasóid 1

S1 E1 23m

I nGaeltacht Chonamara, tá Ella atá trí bliana déag d'aois agus a dlúthchairde, Treas agus Naoise ar bís faoi shaoire an tsamhraidh. Ach tagann athrú ar an scéal nuair a deir athair Ella léi go mbeidh Gaeilgeoirí acu don samhradh. An gcuirfidh sé seo stop le plean Ella do cheol, craic agus rac is roll? Ní mó ná sásta atá comharsa fhiosrach Ella, Máirín, nuair a chloiseann sí faoin socrú nua béal dorais. An ndéanfaidh sí iarracht Dan a chur ó rath? Cuireann Dan glaoch ar chara ar thóir cabhrach. Tagann duine nach raibh súil leis chun é a thabhairt slán!

Saol Ella

Eipeasóid 1

S1 E1 23m

I nGaeltacht Chonamara, tá Ella, atá trí bliana déag d'aois, agus a dlúthchairde, Treas agus Naoise, ar bís faoi shaoire an tsamhraidh. Ach tagann athrú ar an scéal nuair a insíonn athair Ella di go bhfuil siad le Gaeilgeoirí a choinneáil feadh an tsamhraidh. Ní mó ná sásta atá Máirín, comharsa fhiosrach Ella, ach oiread faoin socrú nua béal dorais. An bhféachfaidh sí le cúrsaí a chur in aimhréidh ar Dan? Glaonn Dan ar chara leis le cúnamh a thabhairt dó. Ach is é an té nach raibh súil ar bith aige leis a thagann i gcabhair air sa deireadh!

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Níl Ella sásta go gcaithfidh sí a teach a roinnt le Mamó agus leis na Gaeilgeoirí. Tosaíonn Liam, deartháir óg Ella, ag obair le Mamó nuair a fheiceann sé deis gnó. An mbéarfar air? Tá Lúsaí míshásta faoin gcaoi a bhfuil an teach á rith ag Dan. An éistfidh Gearóidín lena cuid gearáin? Tagann feabhas ar chúrsaí do Ella nuair a thagann Gaeilgeoir dathúil chuig Maigh Rua. Seans nach bhfuil na Gaeilgeoirí seo chomh dona sin! An bhfaighidh sí a céad póg an samhradh seo?

Saol Ella

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Níl Ella sásta go gcaithfidh sí an teach a roinnt le Mamó agus na Gaeilgeoirí. Tuigeann Liam, deartháir óg Ella, go mb'fhéidir go mbeadh deis aige cúpla euro a dhéanamh ar Mhamó ach an mbéarfar air? Ní mó ná sásta atá Lúsaí leis gcaoi a bhíonn Dan ag bainistiú an tí ach an dtabharfaidh Gearóidín aon aird uirthi? Tagann Gaeilgeoir dathúil go Maigh Rua, meas tú nach bhfuil cúrsaí ag feabhsú do Ella? B'fhéidir nach bhfuil na Gaeilgeoirí chomh dona sin! An bhfaighidh sí a céad póg an samhradh seo?

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Tá ríméad ar Ella agus a cairde go bhfuil Barra de Barra, réalta meán sóisialta, ag teacht go Maigh Rua! An éireoidh leo é a fheiceáil nó an gcuirfidh Saorla rudaí in aer? Tá imní ar Ella go bhfuil suim ag Josh i gcailín eile. Céard faoin bpóg? Tá Liam ag iarraidh cúpla euro a saothrú dó féin agus iarrann sé airgead ar na Gaeilgeoirí chun cluiche a imirt. Ach an mbeidh drochdheireadh ar an scéal? Tá Gearóidín faoi bhrú ó tharla go mbeidh an scannán le taispeáint. An éireoidh leis an oíche nó an dtitfidh gach rud as a chéile?