Seal le Dáithí

Siamsaíocht

Seó cainte á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé. Gach seachtain beidh Dáithí ag comhrá le haoi difriúil a inseoidh a scéal do Dháithí agus a labhróidh faoin saol atá caite acu.

BéarlaGaeilge 12A

Kaci Rock

Eipeasóid 1

S8 E1 24m

Is í Kaci Rock a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is as na Clocha Liatha í Kaci agus is é an seaimpín dornálaíochta Jim Rock a hathair. Thosaigh Kaci féin ag dornálaíocht le Cumann Dornálaíochta Bhré nuair a bhí sí sé bliana d'aois agus is minic a mbíodh uirthi speáráil le buachaillí ó tharla nach raibh mórán cailíní ag dornálaíocht ag an am. Bhuaigh sí bonn cré-umha ag Craobh Faoi 22 na hEorpa sa Chróit agus cé nár éirigh léi cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024 tá rún daingean ag Rock áit a bhaint amach ag na Cluichí in Los Angeles in 2028.

Diarmuid Johnson

Eipeasóid 2

S8 E2 24m

Is é Diarmuid Johnson a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is scríbhneoir, file, aistritheoir, ceoltóir, iriseoir, agus scoláire é Johnson, a bhfuil Gaeilge, Breatnais, agus Béarla líofa aige, tá cur amach aige ar an mBriotáinís, Fraincis, Gearmáinis, agus an Rómáinis chomh maith. Bíonn Johnson ag ceol ar an bhfeadóg mhór freisin agus is minic a mheascann sé an ceol lena shaothar liteartha. Rugadh in Caerdydd é in 1965 agus is i nGaillimh a tógadh é. Tá BA, MA, agus PhD aige sa Léann Ceilteach.

Máire Ní Churraoin

Eipeasóid 3

S8 E3 24m

Is í Máire Ní Churraoin a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is as Ráth Chairn Glas na Mí í Máire agus tá sean nós ón gcliabhán aici féin agus a deifiúr Étáin a bhíonn ag casadh sa mbanna An Chéad Ghlúin Eile. Ba é an t-amhránaí mór le rá Darach Ó Catháin seanuncail Mháire mar sin ní haon iontas é go bhfuil an sean nós go smior sa gclann. Tá cáil nach beag ar Mháire ar líne agus 103,000 leantóir aici ar TikTok agus 52,000 ar Instagram, áit a roinneann sí amhráin ar an sean nós, agus áit a phléann sí cúrsaí teanga agus cultúir.

Billy Mag Fhloinn

Eipeasóid 4

S8 E4 24m

Is é Billy Mag Fhloinn a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is as Cathair Luimnigh é Billy ó dhúchas ach tá sé ina chónaí i gCorca Dhuibhne anois. Is fear léinn, ionstraimeoir agus ceoltóir é agus tá PhD aige i mbéaloideas na hÉireann agus céim aige sa seandálaíocht. Is léachtóir in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Mhuire gan Smál é Billy freisin.

Cúnla Ní Bhraonáin Morris

Eipeasóid 5

S8 E5 24m

Beidh Dáithí Ó Sé ag caitheamh seal le Cúnla Ní Bhraonáin Morris ar an gclár. Bíonn Cúnla ag scríobh, ag cuma filíochta, ag ceol agus ag déanamh eagarthóireacht ar fhíseáin. Tá Cúnla ar dhuine den ghlúin óg a bhíonn ag cruthú trí mheán na Gaeilge a ionchuimsíonn daoine aiteacha. Tugann Cúnla léargas ar dhearcthaí éagsúla nach gcloistear go minic i nGaeilge.

Antoine "Toto" Ó Gríofa

Eipeasóid 6

S8 E6 24m

Is é Antoine "Toto" Ó Gríofa as Leitir Móir a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Chaith Antoine blianta ag imirt peile sula ndeachaigh sé leis an dornálaíocht. Is léir go bhfuil misneach agus teach aniar in Antoine, is cuma más ag imirt peile nó sa gcró dornálaíochta a bhíonn sé. Tá sé ina bhall de hÓglaigh na hÉireann le blianta freisin.

Ailbhe Ní Riain

Eipeasóid 7

S8 E7 25m

Is í Ailbhe Ní Riain a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is as Baile Átha Cliath í Ailbhe agus bíonn sí ag obair mar DJ ar Raidió na Life, ach bíonn sí ag obair le cúrsaí léiriúcháin don teilifís agus don raidió chomh maith le cúrsaí craoltóireachta, bíonn sí ag eagrú ócáidí agus ag bainistiú bannaí ceoil, ba í Ailbhe an chéad bhainisteoir a bhí ag Kneecap mar shampla.

David Keenan

Eipeasóid 8

S8 E8 24m

Is é David Keenan a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is amhránaí is scríbhneoir as Dún Dealgan é David. Thosaigh David ag buscáil i nDún Dealgan agus i Learpholl agus tá sé an-neamhspleách, fiú agus é ina phríomh-mhír sa Ceoláras Náisiúnta. Bhí neart scéalta ag seanchathair David agus é fás aníos rud a d'imir tionchar ar David féin ach an oiread leis an gcultúr casta a bhíonn le fáil i mbaile ar an teorainn.