S8 E1 24m
Is í Kaci Rock a bheidh ag caitheamh seal le Dáithí ar an gclár. Is as na Clocha Liatha í Kaci agus is é an seaimpín dornálaíochta Jim Rock a hathair. Thosaigh Kaci féin ag dornálaíocht le Cumann Dornálaíochta Bhré nuair a bhí sí sé bliana d'aois agus is minic a mbíodh uirthi speáráil le buachaillí ó tharla nach raibh mórán cailíní ag dornálaíocht ag an am. Bhuaigh sí bonn cré-umha ag Craobh Faoi 22 na hEorpa sa Chróit agus cé nár éirigh léi cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024 tá rún daingean ag Rock áit a bhaint amach ag na Cluichí in Los Angeles in 2028.
Béarla
25 Meán Fómhair 2025