Síorstíl

Siamsaíocht

Comórtas úrnua é Síorstíl bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seisear dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Beidh dúshláin le sárú ag na hiomaitheoirí thar sé chlár chun an comórtas a bhuachan.

Béarla PG

Síorstíl

Eipeasóid 7

S2 E7 49m

Tá babhta ceannais Síorstíl buailte linn! Tiocfaidh an bheirt a cuireadh as an áireamh sa mbabhta ceathrú ceannais agus leathcheannais ar ais chun cúnamh a thabhairt don bheirt atá fanta. Beidh ar an mbeirt iomaitheoirí feistis a chuireann a stíl féin in iúl a dhearadh. Beidh orthu dhá fheisteas a chruthaigh siad le linn na sraithe a athrú freisin chun bailiúchán den stíl chéanna a chur le chéile. Feicfear an t-éadach seo ar fad á chaitheamh ar ardán Síorstíl ansin. Beidh Don O'Neill ar ais ina aoi-mholtóir.

Síorstíl

Eipeasóid 6

S2 E6 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tá an babhta leathcheannais buailte linn agus níl ach deis amháin eile ag na dearthóir dul i bhfeidhm ar na moltóirí chun áit a bhaint amach sa mbabhta ceannais. Iarrfar ar na hiomaitheoirí an seánra ceoil is ansa leo a roghnú an tseachtain seo agus beidh orthu feisteas a dhearadh a chuireann an seánra sin in iúl. Is í Ríon Hannora aoi mholtóir na seachtaine, tá feistis deartha aici do leithéidí Kate Nash, CMAT agus Biird.

Síorstíl

Eipeasóid 5

S2 E5 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Is é Cian Ó Gríofa aoi-mholtóir na seachtaine seo. Tugann sé dúshláin do na hiarrthóirí feisteas a dhearadh a d'fhéadfadh sé a chaitheamh ag imeachtaí a bhaineann le bród. Ní foláir na feistis a bheith glinn, geall, galánta agus ildaite.

Síorstíl

Eipeasóid 4

S2 E4 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Is é Don'Neill a bheidh ina aoi-mholtóir arís an tseachtain seo. Iarrann Don ar na iarrthóirí feisteas a dhearadh don chairpéad dearg ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Beidh ar na hiarrthóir feisteas a sheasfaidh amach a dhearadh.

Síorstíl

Eipeasóid 3

S2 E3 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Is í Virtue Shine as Gána ó dhúchas a bheidh ina aoi-mholtóir an tseachtain seo agus beidh draíocht na hAfraice le brath sa stiúideo. Beidh na hiarrthóirí ag dearadh feisteas a d'fhéadfaí a chaitheamh chuig an bhféile Afrocella. Ní foláir don fheisteas a bheith dathúil, geal agus cultúr na hAfraice a chur in iúl.

Síorstíl

Eipeasóid 2

S2 E2 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Tabharfaidh na dearthóirí aghaidh ar an gcósta sa gclár seo agus beidh orthu mionghúna cóisire nó feisteas bainise a dhearadh do Phóilín Nic Géidigh. Beidh orthu gnéithe a bhaineann leis an bhfarraige nó leis an gcladach a chur in iúl sa dearadh.

Síorstíl

Eipeasóid 1

S2 E1 25m

Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Sa chéad chlár den tsraith nua beidh ar na dearthóirí feisteas a dhearadh a thugann léargas ar a bpearsantacht féin. Is í Eimear O'Reilly aoi-mholtóir an chláir.