Sloinne

Siamsaíocht

Sraith nua faisnéise ina rachaidh aoi an chláir sa tóir ar eolas faoina shloinne agus a shliocht.

Béarla G

Ó Gallachóir

Eipeasóid 7

S2 E7 50m

Cuireann John Gallagher tús lena aistear i mBaile Átha Cliath ag féachaint níos mó a fháil amach faoina shloinne. Casann sé le Adrian Gallagher a insíonn dó faoi dhuine de mhuintir Uí Gallachóir atá sa Guinness Book of Records. Insíonn an Dr. Pádraig Ó Liatháin faoi 'The Gallagher Family Common place Book' atá i leabharlann Burns i mBostún agus tugann sé cuairt ar Mhúsaem Bhéal Átha Seanaidh chun tuilleadh a fháil amach faoi Rory Gallagher.

Ó Loingsigh

Eipeasóid 6

S2 E6 47m

Is ar an sloinne Ó Loingsigh a dhíreofar sa gclár seo. Feictear Pádraig Ó Loingsigh ar thuras mórthimpeall na hÉireann agus é ag foghlaim faoi stair na Loingsigh. Beidh eolas ag Paul MacCotter faoi mhuintir Phádraig agus téann sé sa tóir ar scéalta faoin na Loingsigh. Faigheann Pádraig amach faoin ngaol a bhí ag Che Guevara leis na Lóingsigh, faoi iar-Thaoiseach na hÉireann, Jack Lynch, agus faoi Bhanríon an Pharagua, Eliza Lynch.

De Paor

Eipeasóid 5

S2 E5 48m

Téann Siobhán de Paor ar aistear chun tuilleadh eolais a fháil faoina sloinne. Casann sí le Hugh Tinney mac leis an Dr Sheila Power, bean léinn a fuair tairscint tabhairt faoi hánracht ó Oppenheimer in 1948. Insíonn Dathaí de Paor di faoin mBantiarna Catherine Power agus labhraíonn MacDara Ó Conaola faoin dealbhóir mór le rá Albert Power. Tá neart eolais ag an staraí agus ginealeolaí Paul Mac Cotter faoi mhuintir Shiobháin freisin.

Ó Catháin

Eipeasóid 4

S2 E4 49m

Téann Yvonne Ní Chatháin sa tóir ar an stair agus seanchas a bhaineann lena sloinne. Casann sí leis an amhránaí Seán Keane sula dtugann sí aghaidh ar Lios Tuathail chun tuilleadh a fháil amach faoi John B Keane. Buaileann sí leis an nginealeolaí Paul Mac Cotter freisin a dhéanann cur síos ar a crann ginealaigh.

Ó Néill

Eipeasóid 3

S2 E3 44m

Téann Liam O'Neill ar aistear timpeall na tíre chun eolas a fháil faoina shloinne. Casann sé le Tom Gallagher i Mainistir na Croise Naofa i dTiobraid Árann chun tuilleadh a fhoghlaim faoi mhuintir Uí Néill. Tugann sé aghaidh ar Grianán Ailigh i gContae Dhún na nGall agus ar Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí agus roinneann Anthony Murphy agus Nodlaig Ní Bhrollaigh neart eolais le Liam faoina shloinne.

Ó Briain

Eipeasóid 2

S2 E2 50m

Beidh an scéalaí agus iarmhúinteoir scoile Paddy Ó Briain as Cathair Chorcaí ag foghlaim faoina shloinne sa gclár seo. Buaileann Paddy leis an Dr. Matthew Potter ar dtús agus déanann sé cur síos ar Florence Vere O'Brien dó. Tugann Paddy aghaidh ar Chaisleán Dhrom Ólainn i gContae an Chláir ansin agus insíonn an Dr. Jane O'Brien dó faoi stair mhuintir Uí Bhriain. Tugann Paddy cuairt ar Thúr an Bhrianaigh ar Aillte an Mhothair freisin.

Mac Gearailt

Eipeasóid 1

S2 E1 47m

Is ar an sloinne Mac Gearailt a dhíreofar sa chéad chlár den tsraith nua. Tá rún ag Rónán Mac Gearailt, léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, níos mó a fháil amach faoina shloinne. Cuireann sé eolas ar Thomas Fitzgerald, sin-seanathair JFK, agus insíonn Stella Bass dó faoin amhránaí mór le rá Ella Fitzgerald. Tugann an tOllamh Micheál Ó Siochrú léargas ar stair mhuintir Mhic Gearailt ag dul siar go dtí an 13ú haois.