S2 E1 47m
Is ar an sloinne Mac Gearailt a dhíreofar sa chéad chlár den tsraith nua. Tá rún ag Rónán Mac Gearailt, léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, níos mó a fháil amach faoina shloinne. Cuireann sé eolas ar Thomas Fitzgerald, sin-seanathair JFK, agus insíonn Stella Bass dó faoin amhránaí mór le rá Ella Fitzgerald. Tugann an tOllamh Micheál Ó Siochrú léargas ar stair mhuintir Mhic Gearailt ag dul siar go dtí an 13ú haois.
Béarla
11 Bealtaine 2025